I dtéarmaíocht na spórt foirne (go háirithe sacar), is éard is féinchúl (nó cúl tuathail) ann ná cúl a scóráiltear ar son na foirne eile. Úsáidtear an téarma i ngnáthchaint na ndaoine freisin, go háirithe i gcúrsaí polaitíochta.