Is é atá i gceist le féinmharú ná lámh a chur ina bhás féin. Tá an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50,000 básanna gach bliain san Aontas Eorpach.

Fógra sa Teáváin faoi chosc féinmhárú.

Tagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich[1]. Thug an socheolaí Francach Émile Durkheim an coincheap "anóime" isteach i 1897, agus thairg gur cúis shuntasach le féinmharú í.

Staitisticí cuir in eagar

Tá an féinmharú ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa san Eoraip. Is airde an líon daoine a chuireann lámh ina mbás féin in Éirinn gach bliain ná an líon daoine a mharaítear i dtionóisc tráchta ar bhóithre.

  • Tá an ceathrú ráta féinmharaithe óige san Eoraip ag Éirinn[2]. Tá an féinmharú i measc na gcúig chúis báis is mó san aoisghrúpa 15 go 19 bliain in Éirinn.[3]
  • Tharla 552 bás le féinmharú in Éirinn i 2009, is ionainn sin agus ráta 12.7 bás in aghaidh daonra 100,000[4].

Féinmharú cuidithe cuir in eagar

Is ábhar é féinmharú cuidithe a n-éiríonn daoine an-tógtha faoi. Ní mór an t-ábhar faoin bhféinmharú a chur i láthair go cúramach, a deir Dignitas[5], a thugann cabhair do dhaoine lámh a chur ina bás féin.

Buamadóir féinmharaithe cuir in eagar

Tá misean féinmharfach ag sceimhlitheoirí uaireanta.

Stair cuir in eagar

Fadó in Éirinn, peaca mhór ab ea an féinmharú. Dúradh gur chaith sé drochmheas ar an gclann[6], agus mar sin, níor labhair duine ar bith faoi..

Cásanna clúiteacha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Seirbhís Méala don Fhéinmharú sa Teaghlach I gcomhpháirtíocht le www.pieta.ie, cuireadh seirbhís méala d’fhéinmharú sa teaghlach ar fáil go céimneach, chun tacú le daoine aonair, teaghlaigh, eagraíochtaí agus pobail atá buailte i ndiaidh báis de bharr féinmharaithe[7].

Tagairtí cuir in eagar

  1. eur-lex.europa.eu
  2. An Roinn Oideachais - Folláine in Iar-Bhunscoileanna: Treoirlínte do Chothú na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharaithe  https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Oideachais/Well_Being_PP_Schools_Guidelines_ir.pdf
  3. Samaritans Suicide statistics  report 2017  https://www.samaritans.org/sites/default/files/kcfinder/files/Suicide_statistics_report_2017_Final.pdf
  4. An Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), 2012
  5. Suíomh Dignitas
  6. Cf. Máiréad Ní Ghráda, An Triail
  7. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte