Fínis

oileán i gContae na Gaillimhe

Is oileán é Fínis[1] atá suite ceathrú míle amach ó chósta Roisín na Mainiach, agus ar féidir siúl amach an trá chuige nuair a bhíonn an taoide amuigh nó dul isteach ann i gcurach. Iomaire íseal talún atá ann agus é ag síneadh siar ó dheas, é míle agus ceathrú ar fad agus ceathrú míle ar leithead. Is ón bhfocal "fiodh", a chiallaíonn coill, agus "inis", a chiallaíonn oileán, a tháinig an t-ainm Fínis.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachFínis
CineálOileán agus baile fearainn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie18395 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinScainimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°17′45″N 9°48′46″W / 53.295695°N 9.8127°W / 53.295695; -9.8127

Sna 1890idí, roinn Bord na gCeantar Cúng an t-oileán ina gharranta fada caola agus tógadh claíocha fada trasna an oileáin. Faoi láthair tá na garranta nochta síos go cloch beagnach, agus tá an gaineamh carntha suas in aghaidh na gclaíocha. Níl le feiceáil ach barr na gclaíocha ag gobadh aníos as dumhcha fada gainimh agus gleannta caola clochacha eatarthu.

Tagairtí cuir in eagar