Is éard is fíricseanscéalaíocht fhíricbhunaithe ann ná seánra litríochta ina gcuirtear cleasaíocht stíle agus scríbhneoireachta an fhicsin i bhfeidhm ar imeachtaí a thit amach i ndáiríre. Na húrscéalta a scríobhtar i stíl an fhíricsin, tugtar úrscéalta neamhfhicsin orthu.

Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le Martin Dillon

Glactar leis go coitianta gurbh é Truman Capote a chuir bun leis an bhfíricsean nua-aimseartha nuair a d'fhoilsigh sé an t-úrscéal neamhfhicsin In Cold Blood ("As Fuil Fhuar") sa bhliain 1966, ach ar ndóigh, is féidir tús an tseánra a rianú a fhad ar ais sa stair. Mar shampla, is féidir a rá gur cineál fíricsin atá i gceist le Historia regum Britanniae, an chroinic faoi ríthe na Breataine a tháinig ó pheann Gofraidh ó Mhonmouth, sa 12ú haois. Le sampla níos nua-aimseartha a lua, bhain an t-iriseoir Airgintíneach Rodolfo Walsh úsáid as cleasa insinte agus scríbhneoireachta a shamhlaítear le seánra an fhíricsin nuair a bhreac sé síos a leabhar Operación Masacre,[1][2] tuarascáil iriseoireachta faoin dóigh ar cuireadh daoine de lucht leanúna Juan Perón chun báis go mídhlíthiúil i ndiaidh na hiarrachta a rinne siad sa bhliain 1956 Perón a chur ar ais i gceannas ar an tír. Tháinig an saothar i gcló sa chéad bhliain i ndiaidh na n-imeachtaí (1957) agus naoi mbliana roimh chéadfhoilsiú leabhar Capote.

Samplaí eile den úrscéal neamhfhicsin iad Hell's Angels: The Strange and Terrible Saga of Outlaw Motorcycle Gangs le Hunter S. Thompson, Armies of the Night le Norman Mailer, nó Roots le Alex Haley. I litríocht na Gaeilge, is iad úrscéalta stairiúla Eoghain Uí Thuairisc is cosúla leis an bhfíricsean.

Is deacair go minic an fíricsean a dhealú ón tuarascáil iriseoireachta. Mar shampla, is féidir Shankill Butchers le Martin Dillon a léamh mar a bheadh úrscéal ann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Waisbord, Silvio (2000). "Watchdog Journalism in South America: News, Accountability, and Democracy". New York: Columbia University Press. 
  2. Link, Daniel (2007). "Rethinking past present". Review: Literature and Arts of the Americas 40 (75(2)): 218–230. Routledge.