Is gaoth the thirim a thagann anuas taobh na fothana de shliabh é föhn.[1] De réir mar a éiríonn aer tais ar thaobh na gaoithe den sliabh, fuaraíonn sé is cailleann an fliuchras de bhrí go gcomhdhlúthaíonn an fliuchras ina bháisteach. Ansin ar an taobh eile den sliabh, tagann sé anuas agus éiríonn níos teo. Is féidir go n-ardófar an teocht sa ghaoth 10 °C taobh istigh de chúpla uair. Faightear a leithéid sna hAlpa san Eoraip. Tugtar chinook uirthi sna Sléibhte Creagacha i Meiriceá Thuaidh, nor-wester sa Nua-Shéalainn, agus zonda san Airgintín.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “föhn” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Föhn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 278.