Feachtas buamála sa Rúis (1999)


Reáchtáladh feachtas buamála sa Rúis sa bhliain 1999. Phléasc buamaí i mBuynaksk ar an 4 Meán Fómhair, Moscó ar an 9 agus 14 Meán Fómhair agus Volgodonsk ar an 16 Meán Fómhair. Fuair 367 bás in iomlán le linn an fheachtais buamála (maraíodh 119 ar an 13 Meán Fómhair i Moscó).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFeachtas buamála sa Rúis
Íomhá
Cineálcoordinated terrorist attack (en) Aistrigh
ionsaí buamála
structural failure (en) Aistrigh
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDara Cogadh an tSeisnia Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse4 - 16 Meán Fómhair 1999
Dáta na blianaMeán Fómhair 1999 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMoscó, An Rúis
Buynaksk, An Rúis (en) Aistrigh
Volgodonsk, An Rúis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spriocsibhialtach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna307 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1,700 Cuir in eagar ar Wikidata
Armsubstaint phléascach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Volgodonsk, 16 M.F. 1999

D'ionsaíodh blocanna árasán gach uair. Phléasc na buamaí i lár na hoíche chun líon na dtaismeach a uasmhéadú. Bhí na cúrsaí lóistíochta casta agus tugadh sainchomhairle do na buamadóirí. Baineadh úsáid as RDX[1], pléascach nach raibh déanta ach i monarcha amháin sa Rúis ag an am.

Leagadh gléasanna pléascach sa chathair Ryazan ar an 22 Meán Fómhair i mbloc árasán.[2] Ach aimsíodh na sceimhlitheoirí agus níor phléasc na buamaí. Níos déanaí, gabh an tseirbhís phóilíneachta áitiúil gníomhairí oifigiúla ón FSB (an Seirbhís Feidearálach an Imscrúdaithe nó an KGB roimh 1996). Bhí siad i seilbh neamhdhleathach ar phléascáin. Dúirt an FSB ar an 24 Meán Fómhair nach raibh na gníomhairí ach ag cleachtadh conas buamaí a phléascadh. Scaoileadh saor iad gan aon chúis a chur ina leith.

Cogaíocht cuir in eagar

D'éirigh Vladimir Putin ina phríomh-aire ar an Rúis ar an 15 Lúnasa 1999 agus ina uachtarán i ndeireadh na bliana.

Rinne an Rúis ionradh ar an Dagastáin ar an 8 Lúnasa 1999. Stop an chogaíocht ar an 14 Meán Fómhair. Ach ar an lá céanna, thosaigh an Rúis buamáil ón aer sa tSeisnia.

Ar an 23 Meán Fómhair, nuair a chuala sé faoin eachtra i Ryazan, d'ordaigh Vladimir Putin buamáil ón aer ar Grozny, príomhchathair na Seisnia. Thosaigh an dara cogadh Seisniach timpeall an t-am sin.

 
leacht i gcuimhne ar na daoine a bhfuair bás i Volgodonsk

Conspóid cuir in eagar

Níor ghlac éinne freagracht as an fheachtas buamála agus níl a fhios againn fós cé a bhí ina cheann feadhna air. Deir na húdaráis sa Rúis gur radacaigh Ioslamacha a bhí taobh thiar de na hionsaithe. Ach ní féidir sceimhlitheoireacht státurraithe a chur as an áireamh, an leithscéal b'fhéidir chun cogadh a fhearadh ar na Seisniagh. Bhí gnaoi an phobail ar Vladimir Putin ar feadh na tréimhse seo[3] agus d'éirigh sé ina uachtarán i ndeireadh na bliana.

Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "RDX" (as en) (2020-08-14). Wikipedia. 
  2. CBC (2015). "September 1999 Russian apartment bombings timeline". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Public image of Vladimir Putin" (as en) (2020-08-24). Wikipedia " Putin's popularity rose from 31% in August 1999 to 80% in November 1999".