Federación Anarquista Ibérica

Is eagraíocht ainrialaitheach é an Federación Anarquista Ibérica (FAI, Cónaidhm Ainrialaitheach na hIbéire) sa Spáinn. Is míleataigh iad atá gníomhach i measc grúpaí mar chuid den cheardchumann Confederación Nacional del Trabajo (CNT). Giorraítear í go minic mar CNT-FAI mar gheall ar an nasc dlúth atá acu. Foilsíonn an FAI an tréimhseachán Tierra y Libertad.

Bosca Sonraí EagraíochtaFederación Anarquista Ibérica
Sonraí
Cineálcónaidhm ainrialachais Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaainrialachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1927
Suíomh a chartlainne
Rialachas corparáideach
Cuid deInternational of Anarchist Federations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfederacionanarquistaiberica.wordpress.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tagraíonn an Ibérica san ainm d'aontú idir na hainrialaigh sa Spáinn agus sa Phortaingéil in eagraíocht Pan-Ibéireach, a bhí mar aidhm acu.

Stair cuir in eagar

Bunaíodh i Valencia sa bhliain 1927 é, le feachtas a chur ar bun chun cinntiú go bhfanfadh an CNT mar ghrúpa ainrialaitheach. Bhí an cheist seo tábhachtach go háirithe ag an am de bharr ré an deachtóra Miguel Primo de Rivera a bhí ag cur na gluaiseachtaí lucht oibre faoi chois.

De bharr mhórcheannas an FAI thar polasaí an CNT, d'fhág na baill mheasartha faoi cheannas Ángel Pestaña chun an Páirtí Sindeacáiteach sa bhliain 1931.

Bhí baill an FAI go mór chun tosaigh ag troid in aghaidh fórsaí Francisco Franco i rith Chogadh Cathartha na Spáinne.

Ó bhás Franco agus teacht an daonlathais, tá FAI fós gníomhach.