An t-íosluach fuinnimh is gá a sholáthar chun leictreon a eastóscadh ó mhiotal soladach. Is tomhas í ar cé chomh docht is a bhíonn na leictreoin greamaithe i ndromchla an mhiotail. Bíonn a luach sainiúil ag gach miotal. Mar shampla, is í feidhm oibre copair ná 4.4 eV. Úsáidtear an tsiombail Φ di, agus is i leictreonvóltaí (eV) a thomhaistear í seachas giúil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feidhm oibre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.