Feiniméaneolaíocht (fealsúnacht)

(Athsheolta ó Feiniméaneolaíocht)

Is éard atá san fheiniméaneolaíocht staidéar fealsúnach ar struchtúir an eispéiris agus an chomhfheasa. Chuir Edmund Husserl ar bun í sa chéad chuid den fichiú haois agus rinne scata dá lucht leanúna í a shaothrú in olscoileanna Göttingen agus München sa Ghearmáin. Ansin scaipeadh í sa Fhrainc, sna Stáit Aontaithe agus in áiteanna eile, go minic ar shlite a bhí scartha amach ó shaothar luath Husserl féin.[1]

Ní gluaiseacht aontaithe í an fheiniméaneolaíocht. Tá idir chosúlachtaí agus dhifríochtaí idir na húdair a scríobhann ina taobh. Deir Gabriella Farina:

A unique and final definition of phenomenology is dangerous and perhaps even paradoxical as it lacks a thematic focus. In fact, it is not a doctrine, nor a philosophical school, but rather a style of thought, a method, an open and ever-renewed experience having different results, and this may disorient anyone wishing to define the meaning of phenomenology.[2]

I dtuairim Husserl, is é príomhchúram na feiniméaneolaíochta machnamh cruinn agus staidéar a dhéanamh ar struchtúir an chomhfheasa agus ar na feiniméin a nochtann i ngníomhartha comhfheasa. Is féidir an fheiniméaneolaíocht a dhealú amach ó mhodh Cartesiach na hanailíse, modh a deir gurb éard atá sa saol rudaí, tacair rudaí agus rudaí atá ag dul i bhfeidhm ar a chéile agus ag freagairt dá chéile.

Tá an fheiniméaneolaíocht mar a chum Husserl í scagtha agus curtha chun cinn ag Husserl féin agus ag leithéidí Edith Stein agus Roman Ingarden, ag fealsúna heirméineotacha ar nós Martin Heidegger, ag eisithe ar nós Nicolai Hartmann, Gabriel Marcel, Maurice Merleau-Ponty agus Jean-Paul Sartre, ag fealsúna eile leithéidí Max Scheler, Paul Ricoeur, Jean-Luc Marion, Michel Henry, Emmanuel Levinas agus Jacques Derrida, agus ag na socheolaithe Alfred Schütz agus Eric Voegelin.

Sa leagan is bunúsaí, féachann an fheiniméaneolaíocht le dála a chumadh chun staidéar oibiachtúil a dhéanamh ar thopaicí a déarfadh mórán atá suibíochtúil: an comhfhios agus ábhar eispéireas comhfhiosach ar nós breithe, léirstine agus mothúchán. Cé gur mian leis an bhfeiniméaneolaíocht bunús eolaíoch a chur léi féin, ní fhéachann sí le staidéar a dhéanamh ar an gcomhfhios ó thaobh na síceolaíochta cliniciúla ná na néareolaíochta de. Déanann sí iarracht ar thairbhe a bhaint as an meabhrú chun airíonna agus struchtúir an eispéiris a dhéanamh amach.[3]

Tugann roinnt buntuairimí léargas ar bhunús na feiniméaneolaíochta:

  1. Ní chreideann lucht feiniméaneolaíochta i dtaighde oibiachtúil. Is fearr leo buntuairimí a bhailiú le chéile trí epoché feiniméaneolaíoch (i.e. gan breith a thabhairt).
  2. Creideann siad go bhfaightear tuiscint níos fearr ar nádúr an duine trí ghnáthiompar daoine a anailísiú.
  3. Maíonn siad gur chóir daoine a iniúchadh. Is féidir daoine a thuiscint tríd an sainrian a fhágann an saol orthu.
  4. Is fearr leo sonraí eispéiris chomhfhiosaigh (capta) a bhailiú ná sonraí traidisiúnta a lorg.
  5. Is dóigh leo gurb é cuspóir na feiniméaneolaíochta rudaí a fháil amach, agus dá bhrí sin déanann siad taighde le modhanna atá i bhfad níos forleithne ná sna heolaíochtaí eile.[4]

Bhain Husserl a lán smaointe tábhachtacha a bhaineann le feiniméaneolaíocht as saothar a mhúinteoirí, na fealsúna agus síceolaithe Franz Brentano agus Carl Stumpf.[5] Fuair Husserl bunsmaoineamh na ‘hintinniúlachta” ó Brentano; tá le tuiscint as gur “comhfhios ruda éigin” an comhfhios i gcónaí. Tugtar “oibiacht intinniúil” ar oibiacht an chomhfheasa. Cuirtear an oibiacht seo in iúl don chomhfhios ar a lán slite, trí bhraistint, mar shampla, trí chuimhne agus réamhaisnéis, trí shuntas, srl. Tá struchtúir éagsúla ag na hintinniúlachtaí seo agus bealaí difriúla acu chun an oibiacht a aithint, ach tuigtear gurb í an oibiacht chéanna atá i gceist; dírítear an comhfhios ar an oibiacht intinniúil chéanna trí i mbraistint dhíreach, tríd an oibiacht a choinneáil san intinn agus trí chuimhne a bheith uirthi.

Tá réaduchtuithe ag baint le mórán modhanna feiniméaneolaíocha, ach tar éis an tsaoil ní bhraitheann an feiniméaneolaíocht ar an réaduchtú; níl sna réaduchtuithe ach uirlisí chun léargas níos fearr a fháil ar oibriú an chomhfheasa, seachas feiniméin a cheangal go dlúth leis na cuntais sin. Má dhéantar tagairt do “eisint” ruda nó do ghnéanna ruda mar iomlán an ruda sin, níl de chuspóir ag na réaduchtuithe sin ach léargas a thabhairt ar conas a dhéantar an rud féin de na gnéanna úd in eispéireas an duine. Cuireann an feiniméaneolaíocht i gcoinne an tsíceolaíochais agus an fhisiciúlachais a bhí ann le linn Husserl.[6]

Bhain Georg Wilhelm Friedrich Hegel feidhm as an téarma in Feiniméaneolaíocht an Spioraid, ach ba é Husserl a rinne ainm scoile fealsúnaí de nuair a d’úsáid sé é timpeall na bliana 1900.

Nótaí cuir in eagar

  1. Zahavi, Dan (2003). Husserl's Phenomenology. Stanford University Press.
  2. Farina, Gabriella (2014) Some reflections on the phenomenological method. Dialogues in Philosophy, Mental and Neuro Sciences, 7(2):50-62.http://www.crossingdialogues.com/Ms-A14-07.htm
  3. "Interdisciplinary Perspectives on Consciousness and the Self" (2014). New Youk, Dordrecht, London: Springer. 
  4. Orbe, Mark P. (2009). Phenomenology. In S. Littlejohn, & K. Foss (Eds.), ref>Orbe, Mark P. (2009), ‘Phenomenology’. In S. Littlejohn, & K. Foss (eag.), Encyclopedia of communication theory (lgh 750-752). Thousand Oaks, CA: SAGE Publications, Inc.
  5. Rollinger, Robin (1999). Husserl's Position in the School of Brentano. Kluwer.
  6. "The Crisis of European Sciences, Part IIIB § 57. The fateful separation of transcendental philosophy and psychology.".