Is é is feirmíón ann ná cáithnín fo-adamhach go bhfuil guairne leath-shlánuimhreach (i.e. 1/2, 3/2, 5/2 srl) aige. Cloíonn feirmíón le prionsabal an eisiaimh, a deir nach féidir le dhá fheirmíón bheith in aon staid chandamach amháin ag an am céanna. Tugtar bósón ar cháithnín le guairne shlánuimhreach, agus i gcodarsnacht leis na bhfeirmíóin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.

Bosca Sonraí CáithnínFeirmíón
Rangúmassive quantum particle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíimtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtsfermion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmEnrico Fermi Cuir in eagar ar Wikidata
Tonnfheidhm fhrithshiméadrach do staid 2-cháithnín (feirmíónach) i log poitéinsiúil cearnógach gan teorainn

Cé gur minicí a úsáidtear an téarma feirmíón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar feirmíón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne leath-slánuimhreach aige.

Maidir le buncháithníní fo-adamhacha, tá dhá shórt d'fheirmíóin ann: cuairc, go bhfuil lucht datha acu agus mar sin a ghlacann páirt in idirghníomhachtaí láidre, agus leaptóin, nach mbraitheann an fórsa láidir núicléach.