Feirmeoireacht mhonarchan

Modh dian táirgthe beostoic, faoi réir rialú cruinn ar an timpeallacht is an réim cothaithe, de ghnáth. Tugtar feirmeoireacht chúbarnaí uirthi freisin. Brostaíonn sí fás na n-ainmhithe: mar shampla, aibíonn sicín cúbarnaí taobh istigh de 42 lá, mar mhalairt ar 84 lá de ghnáth. I láthair na huaire, is í seo an príomh-mhodh táirgthe uibheacha, feoil éanlaithe, is muiceola. Ní maith le cuid mhaith daoine an fheirmeoireacht seo de bharr úsáid mhinic frithbheathach, próifiolachtach, is hormón chun an táirgeadh a dhéanamh éifeachtach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feirmeoireacht mhonarchan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.