Fianamhail ó Dúnchadha

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Fianamhail ó Dúnchadha (Sean-Ghaeilge Fiannamail ua Dúnchado) ag deireadh na 7ú haoise. Ní fios ach fíor bheag faoi seachas a thásc don bhliain 700. Tuairiscítear gur maraíodh é i dteannta le Cind-fâelad de Ciannachta Ghleann Geimhin, Contae Dhoire.[1]

Infotaula de personaFianamhail ó Dúnchadha
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás700
Ríthe Dhál Riada
698 – 700
← Ainfhaichilleach mac FearchairSealbhach mac Fearchair → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteIndrechtach mac Fiannamail Cuir in eagar ar Wikidata

Feictear a thásc i nAnnála Uladh ina dtugtar an teideal rí Dhál Riada dó.[2] I nAnnála Tiarnaigh, deirtear gur rí Dhál Araí é,[3] cé nach bhfuil sé ann ina nginealaigh sa Leabhar Laighneach. B'fhéidir gurb ionann é agus an Fiannamail mac Osseni luaite sa bhliain 699.[4] Bhí sé cinnte i láthair mar riarthóir Cháin Adhamhnáin sna blianta 696–697, ina raibh Fiachrae Cosalach ann mar rí na gCruithne de Dhál Araí. Cuireann sé seo in úil nach i ndáiríre rí Dhál Araí é Fianamhail.

Ní fios go cruinn cérbh é a sheanathair Dúnchadh, cé go meastar go coitianta gur mhac Conaing mhic Aodháin mhic Gabhráin é. Creidtear go bhfeictear roinnt dá mhuintir sna hannála, ina measc deartháir nó col ceathrar darb ainm Béc agus uncail darbh ainm Conall. D'fhéadfadh é go raibh gaol ann idir Fianamhail agus Dúnchadh Beag.

Deirtear go raibh ar a laghad beirt mhac ag Fianamhail, Indreachtach agus Conall, a maraíodh sa bhliain 741 i gCath Forboros,[5] ag troid b'fhéidir in éadan na gCruithneach i gceannas Aonghasa mhic Fhearghasa. Deirtear uaireanta go raibh Indreachtach ina athair Thomaltaigh, rí Dhál Araí agus na nUladh. Sa Leabhar Laighneach and, deirtear gur Lethlobar é athair Indreachtaigh, rud a chuireann an lasair sa bharrach.

Foinsí cuir in eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
  • Maney, Laurance. "Erratum for Volume 20/21 of the "Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium"". Source: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Iml. 22 (2002), ll. 264-269. Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Maney, lch. 265.
  2. Annála Uladh, AU 700.4, rex Dal Riati
  3. Annála Tiarnaigh, AT 700.3
  4. AU 699.2
  5. AU 741.6