Ficsean lucht leanúna

(Athsheolta ó Ficsean leanúna)

Is éard is ficsean lucht leanúna ficsean díograiseorafan-fiction ann ná scéalta a scríobhann an mórphobal faoi charachtair aitheanta ón litríocht, carachtair ar féidir le húdair amaitéaracha a rogha rud a dhéanamh leo. Cuireann sé carachtair as leabhair nó seánraí éagsúla i scéalta úra, an deireadh athraithe agus suimeanna grá tiontaithe bun os cionn. Cumtar réamhscéalta agus iarscéalta nó cuirtear na scríbhneoirí féin isteach sa scéal. Is féidir gur 50 Shades of Grey an sampla is cáiliúla den fhicsean lucht leanúna a thosaigh amach mar fhicsean lucht leanúna bunaithe ar scéalta Twilight. Chum E. L. James é agus thug Edward Cullen agus Bella Swan ar na príomhcharachtair mar a bhí in Twilight. Carachtair aitheanta féin ó 50 Shades a bhí iontu ar deireadh. Is ar an idirlíon is mó atá an ficsean lucht leanúna ag déanamh dul chun cinn agus tá go leor suíomh ann a dhíríonn ar sheánraí faoi leith. Ar charachtair na mórleabhar den mhórchuid a scríobhann siad. Tá an féinfhoilsiú agus ríomhleabhar tar éis gné na saoirse seo a athrú agus tá roinnt daoine anois in ann airgead a bhaint óna gcuid saothair. I measc na gcarachtar is mó a scríobhtar fúthu, is é Harry Potter is coitianta agus ansin Star Wars, Star Trek, Twilight, chomh maith le scéalta Lord of the Rings.

Deirtear go bhfuil na milliúin á léamh agus á scríobh anois agus ficsean lucht leanúna ann de scannáin, shraitheanna teilifíse agus charachtair ón mBíobla fiú. Cé gur i mBéarla is coitianta atá ficsean lucht leanúna, tá réimse leathan i dteangacha eile chomh maith. Tá roinnt samplaí ann i nGaeilge cheana.