Ball de scothaicme filí in Éirinn agus in Albain go dtí c. an 16ú haois ba ea fili[1] (iolra filid, Nua-Ghaeilge file, filí). Bhíodh stádas ard ag na filid i saol na gCeilteach agus bhídís ina sagairt i dteannta leis na draoithe agus fáithe. Ar dtús, is amhlaidh gurbh idir breithem agus seanchaí é an fili, ach de réir a chéile, scar na róil as a chéile. Ar aicme níos ísle ab ea file de chineál eile, bard.[2]

WD Bosca Sonraí GairmFilid
Cineál fostaíochta
gairm

Oidhreachta ba ea an ghairm, ach bhítí in ann dul ar taistil as a dtuath féin.[3]

Sanasaíocht cuir in eagar

Creidtear go bhfuil an focal 'file' fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *widluios, le brí 'fáidh'. Aithnítear an focal ar inscríbhinn Ghallach ó Larzac mar "uidluias" (baininscneach, ginideach iolra). Fréamhaítear é ar deireadh ón bhriathar *widlu-, "feic". Molann seo go raibh na fili ina bhfáithe fileata, a thugadh tuartha i bhfoirm dán nó tomhas, seachas filí amháin.

Fréamhaítear na focail nua-aimseartha Gaelacha ón bhfocal Sean-Ghaeilge fili:

Oiliúint agus tascanna cuir in eagar

Sna seannósanna, bhíodh suas go seacht aicme fili ann, tuilte de réir chaighdeáin eolais. Ba é an t-ollam an file is tábhachtaí, agus ina dhiaidh fili, ánradh, clí agus cana.[3] Sa scéal Immacallam in dá Thuarad, insítear faoin gcomórtas idir bheirt filid bheith ollam an rí.

Bhí comhréim áirithe ag dualgais na bhfili agus na ndraoithe, mbard agus na bhfáithe. Maraon leo, bhí ar na filid dul ar scoil, ar feadh dhá bhliain déag, chun nósanna an bhéaloidis a fhoghlaim — conas glámh dícheannaoir a chumadh, tairngreachtaí a thabhairt chun an chéad taoiseach eile a thuar (tarbhfheis), agus deasghnátha, cúrsaí leighis agus cumais draíochta eile a shocrú. Sa saothar Sanas Cormaic, tugtar cur síos ar an imbas forosnai:

Cognaíonn fili píosa feola deirge, canann ortha agus titeann i néal. Tar éis tamaill, dúisíonn sé agus freagraíonn gach ceist a iarrtar air.

I measc cleachtaí tairngreachta eile bhíodh teinm laída, díchetal do chennaib agus tarbhfheis (luaite thuas). Dá gclisfeadh fili ina thuar, ghearrfaí a bheola de.[4] Dá réir sin go léir, b'éigean dóibh mac léinn a mhúineadh.

Toisc go raibh cosc ar scríbhneoireacht, níor scríobhadh an t-eolas traidisiúnta seo go dtí ní ba dhéanaí. Sa deireadh, scríobha fili éigin an leabhar Auraicept na n-Éces (bunleabhar na n-eagnaí), cnuasach rialacha na gramadaí agus na filíochta meadaraí, cé gurbh fhiú fós an dinnseanchas a foghlaim de ghlanmheabhair.[5]

Béaloideas cuir in eagar

Chuireadh na fili an béaloideas ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Sna nósanna, ba thábhachtach iad foirmeacha fileata agus ceolmhara le haghaidh aeistéitice, chomh maith le tairbhe neamónach. Bhíodh saoirse ann do chumadóireacht lom láithreach agus léiriú as féin, go háirithe le haghaidh creative áibhéile cruthaithí agus nathanna meafaracha glice (kenning as Béarla), go gcaomhnaí ach abhainn an fhírinne. Sa chaoi seo, tháinig slán taisce suntasach mhiotaseolaíochta réamh-Chríostaí, san áireamh eipicí chogaidh, scéalta an ghrá agus filíocht an nádúir, le toradh gur caomhnaíodh an corpas neamh-Laidine is mó san Eoraip ó ré na SeanGhréige.

Meath cuir in eagar

Le teacht na Críostaíochta, bhí ar na taoisigh talamh agus teideal a sholáthar dosna filid agus na heaspaig araon. Cinneadh sa 6ú haois dá bharr srian a chur ar mhéid na bhfilí, agus ach amháin de cheart oidhreachta agus le clanna a raibh ardmheas acu.

I measc clann na bhfilí is cáiliúla, bhí muintir Uí Dhálaigh, a ceapadh roinnt dóibh ina n-ollaimh, agus muintir Uí Uiginn, a bhí i ngiollacht roinnt chlann, san áireamh na teaghlaigh Uí Chonchobhair Slighit, mhic Diarmada, mhic Dhonncha agus Uí Dhochartaigh. Ollaimh ba ea muintir Uí Mhaoil Chonaire de Shíol Mhuireadhaigh, de mhuintir Uí Chonchubhair Doinn agus de mhuintir Mhic Dhiarmada as Magh Loirg. Bhí muintir Uí Chléirigh i ngiollacht thaoisigh Uí Dhomhnaill as Tír Chonnaill.

Bhíodh na filí oidhreachta seasta i rith na meánaoise, ag obair mar fuirseoirí, chomhairleoirí agus ghinealeolaithe, ar chomhstádas na bhfili réamh-Chríostaí. Ón 12ú haois amach ámh, tháinig tionchar na nAngla-Normannach chun cinn in Éirinn. Le meath chultúr na nGael, filí became involved le litríocht scríofa agus nósanna neamhdhúchasacha amhail is araltas. Mhair ardstádas na bhfilí go dtí an ré Eilíseach — bhí uafás ar an uaisle Sasanach, na taoisigh Ghaelacha a fheiceáil ní amháin ag ithe i dteannta lena bhfilí, ach go minic as an soitheach céanna.

Oidhreacht cuir in eagar

Tá go leor lámhscríbhinní ar marthain a chaomhnaíonn scéalta na bhfili, a thugann le fios dúinn a lán tuisceana maidir le draoithe agus a leithéid, agus reiligiún agus saol na gCeilteach i gcoitinne.

I dteannta lena luach stairiúil, tá tionchar mór ag an gcanóin seo ar litríocht nua-aimseartha, ag tosú le hathinsintí le William Butler Yeats agus údair eile a bhí rannpháirteach i nAthbheochan na Gaeilge. Bhain James Joyce leas níos caolchúisí as ábhar Gaelach. Sa lá atá inniu ann, baineann litríocht agus ealaín fantaisíochta an-leas as na scéalta agus a gcarachtair, amhail is Cú Chulainn, Fionn mac Cumhaill agus na Tuatha Dé Danann.

Meastar gur comharbaí bhéaloideas na bhfili iad na seanchaithe ó thaobh idir ábhair agus teicníce de.[6]

Caomhnaítear nósanna ceoil na bhfili trí cheoltóirí traidisiúnta amhail is Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (a fuair bás sa bhliain 1738) agus a chomhghleacaithe gan áireamh, síos go dtí ceoltóirí anáil is Planxty, The Chieftains agus The Dubliners.

Tá cleachtóirí nuaphágántachta Ceiltí ag iarraidh gnáis táimhe agus físe na bhfili, amhail is imbas forosnai agus tarbhfheis, a atógáil.

Foinsí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. fili ar eDIL
  2. Eleanor Hull
  3. 3.0 3.1 Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 125.
  4. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 896, 931 ff.
  5. Joseph F. Nagy: Celtic Religion. History of Study, lch. 1481.
  6. "Seanachies: keepers of Ireland's rich folklore heritage".