Fine (bitheolaíocht)

rang tacsanomaíoch

San aicmiú bitheolaíoch, tá an fhine (Laidin: familia-ae) ar cheann de na hocht ranganna tacsanomaíochta móra; agus tá sí rangaithe idir ord agus géineas. Is féidir an fhine a roinnt i bhfo-fhinte, céimeanna idirmheánacha os cionn chéim na ghéinis. I dteanga an phobailn, féadfar fine a ainmniú i ndiaidh ceann dá chomhaltaí coitianta; mar shampla, baineann na gallchnónna agus na crainn hicearaí leis an bhfine Juglandaceae, mar is fearr aithne orthu fine na ngallchnónna.

Cad a dhéanann nó nach mbaineann le fine-nó cé acu ba cheart nó nár cheart fine a bhfuil cur síos uirthihe a aithint ar chor ar bith - bíonn ar tacsanomaithe atá ag cleachtadh a ngairme tabhairt faon ghnó seo. Níl aon rialacha crua ann le haghaidh fine a thuairisciú nó a aithint, nó aon tacsóin. Is glacann tacsanomaithe dearcthaí difriúla go minic faoi tacsón a thuairisciú agus a aithing, agus d'fhéadfadh nach mbeadh aon chomhdhearcadh leathan ar fud an phobail eolaíochta ar feadh tamall. Glactar le roinnt tacsón a bhfuil cuntas orthu go forleathan agus go tapa, ach cuid eile go hannamhis annamh nó fiú in aon chor; is minic go gcuireann foilsitheoireacht sonra nua agus tuairim nua ar chumas oiriúnuithe agus comhaontú le himeacht ama.

Ainmníocht cuir in eagar

Tá ainmniú na bhfinte á gcódú ag cóid idirnáisiúnta éagsúla.

In ainmníocht fhungasach, algach agus luibheolaíoch, críochnaíonn ainmneacha na bhfinte de chuid na bplandaí, na bhfungas agus na n-algaí leis an iarmhír "-aceae", cé is moite de líon beag ainmneacha stairiúla ach a úsáidtear go forleathan lena n-áirítear Compositae agus Gramineae.[1][2] In ainmníocht zó-eolaíochta, críochnaíonn ainmneacha na bhfinte leis an iarmhír "-idae".[3]

Stair cuir in eagar

Baineadh úsáid as an téarma tacsanomaíoch familia de chéaduair ag an luibheoir Francach Pierre Magnol sa bhliain 1689 san fhoilseachán Prodromus historiae generalis plantarum, in quo familiae plantarum per tabulas disponuntur. [Réamhtheachtaí ar stair ghinearálta plandaí, ina socraítear finte na bplandaí i dtáblaí], nuair a thug sé familiae (finte) ar na seachtó ghrúpa plandaí a d'aithin sé sna táblaí. Ní raibh an coincheap 'rang' socraíodh ag an am sin go fóill, agus sa réamhrá leis an Prodromus dúirt Magnol, go raibh sé i gceist aige ná na finte a aontú ina genera (géinis) níos mó, rud atá neamhchosúil leis an gcaoi a úsáidtear an téarma inniu.

An córas rangaithe a úsáideann bitheolaithe an lae inniu, ba é an bitheolaí Suallanach, Carolus Linnaeus (1707-78), a bhunaigh é. D'úsáid Linnaeus an focal familia ina Philosophia botanica (1751), chun príomhghrúpaí na bplandaí a chuir in iúl: crainn, luibheanna, raithní, pailmeacha, agus mar sin de. Bhain sé úsáid as an téarma seo ach amháin i roinn mhoirfeolaíoch an leabhair, ag plé orgán fásúil agus giniúnach plandaí.

Ina dhiaidh sin, i bhfoilseacháin luibheolaíocha na Fraince, ó Familles naturelles des plantes (1763) le Michel Adanson go dtí deireadh an 19ú haois, baineadh úsáid as an focal famille mar chomhionann na Fraincise do ordo na Laidine (nó ordo naturalis). I saothair na naoú haois déag, mar shampla Prodromus de chuid Augustin Pyramus de Candolle agus Genera Plantarum de chuid George Bentham agus Joseph Dalton Hooker, baineadh úsáid as an bhfocal ordodon tearma familia (fine) mar a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

San zó-eolaíocht, thug Pierre André Latreille familia (fine) mar 'rang' idirmheánach idir 'ord' agus 'géineas' ina Précis des caractères génériques des insectes, disposés dans un ordre naturel (1796). chuid précis des caractères génériques des insectes, disposes dans un ordre naturel (1796). Bhain sé úsáid as familiaefinte (níor ainmníodh cuid acu) i roinnt ach ní i gcomhair na n-ord "feithidí" go léir (a chuimsigh, ansin, na hartrapóid go léir).

 

Úsáidí cuir in eagar

Is féidir leas a bhaint as an fhine le haghaidh staidéir éabhlóidigh, phailé-ointeolaigh agus ghéinitigh a dhéanamh, toisc go bhfuil siad níos cobhsaí ná na leibhéil tacanomaíochta níos ísle, mar shampla géinis agus speicis. [4][5]

Féach freisin cuir in eagar

  • Córasaíocht; rangú orgánach i seicheamh cliarlathach grúpaí a chuireann béim ar a n-idirghaolta toimhdithe éabhlóideacha.
  • Cládaistíocht; córas rangaithe ainmhithe is plandaí ina rangaítear na horgánaigh de réir a gcosúlachtaí mar thoradh ar phórú le déanaí ó chomhshinsear.
  • Fíligineacht; staidéar a dhéanamh ar an ghaolmhaireacht éabhlóideach i measc grúpaí éagsúla orgánaigh.
  • Tacsanomaíocht; an eolaíocht le haghaidh grúpaí d'orgánaigh bhitheolaíocha a shainiú agus a ainmniú ar bhonn tréithe comhroinnte.
  • Aicmiú na víreas; an próiseas le haghaidh víreas a ainmniú agus iad a chur isteach i gcóras tacsanomaíoch.
  • Liosta d'fhinte Anúracha
  • Liosta d'fhinte na dTestudines
  • Liosta d'fhinte na n-iasc
  • Liosta d'fhinte na ndamhán alla

Leabharliosta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Barnhart 1895.
  2. ICN 2012, Section 2. Names of families and subfamilies, tribes and subtribes Article 18.
  3. International Commission on Zoological Nomenclature (1999). "International Code of Zoological Nomenclature": 306. International Trust for Zoological Nomenclature, XXIX.  [1]
  4. Sarda Sahney, Michael J. Benton & Paul A. Ferry (2010). "Links between global taxonomic diversity, ecological diversity and the expansion of vertebrates on land" (PDF). Biology Letters 6 (4): 544–547. doi:10.1098/rsbl.2009.1024. PMID 20106856. PMC:2936204. 
  5. Sarda Sahney & Michael J. Benton (2008). "Recovery from the most profound mass extinction of all time" (PDF). Proceedings of the Royal Society B: Biological Sciences 275 (1636): 759–765. doi:10.1098/rspb.2007.1370. PMID 18198148. PMC:2596898.