Roimh 1800 bhí teoiric an fhlógastóin[1] coitianta go leor leis an dó a mhíniú. De réir na teoirice seo, bhí ábhar a dtugtaí flógastón air i láthair i ngach rud indóite agus d'fhuasclaítí é le linn an dóite. Bhréagnaigh obair Lavoisier ar ocsaigin is a tábhacht sa phróiseas dóite an teoiric seo i 1788.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “phlogiston” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Flógastón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.