Cathair chois Abhainn Arno sa Tuscáin é Flórans. Firenze an t-ainm Iodáilise inniu, agus Florentia an chéad ainm Laidine a bhí air nuair a bhunaigh Iúil Caesar mar choilíneacht d'iarshaighdiúirí Rómhánacha é sa bhliain 59 RC. Fiorenza an seanlitriú Iodáilise nach n-úsáidtear a thuilleadh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilFlórans
Firenze (it) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmFlorence Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°46′17″N 11°15′15″E / 43.7714°N 11.2542°E / 43.7714; 11.2542
Stát ceannasachan Iodáil
Réigiún san IodáilAn Tuscáin
Metropolitan city of Italy (en) AistrighCeannchathair Fhlórans Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
An Tuscáin
Signoria of Florence (en) Aistrigh
Poblacht Fhlórans (1115–1532)
Duchy of Florence (en) Aistrigh (1532–1569)
Ard-Diúcacht na Tuscáine (1569–1860)
Kingdom of Etruria (en) Aistrigh (1801–1807)
Arno (1808–1814)
Ríocht na hIodáile (1865–1871)
Cúige Fhlórans (–2014)
Ceannchathair Fhlórans (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán360,930 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,527.46 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla102.32 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceArnó Cuir in eagar ar Wikidata
Airde50 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhEoin Baiste Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinmunicipal executive board of Florence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachFlorence City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Fhlórans Cuir in eagar ar WikidataDario Nardella (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist50100 agus 50121–50145 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód055 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSITE14 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantas ISTAT048017 Cuir in eagar ar Wikidata
Italian cadastre code (municipality) (en) AistrighD612 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincomune.fi.it Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: cittadifirenzeufficiale Twitter: comunefi Instagram: cittadifirenzeufficiale Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Flórans an t-ochtú cathair is mó san Iodáil agus an chathair is mó sa Tuscáin inniu, nó tá milliún go leith duine ina gcónaí sa chathair nó sa cheantar uirbeach a bhaineann léi. Is é Flórans príomhchathair an réigiúin freisin, ó thaobh na gcúrsaí riaracháin de. Bhí an-ról ag an gcathair i stair chultúrtha an Renaissance, agus d'fhág ealaíontóirí móra na linne a n-oidhreacht ar an áit. Níos déanaí, ón mbliain 1865 go dtí an bhliain 1870, ba phríomhchathair Ríocht na hIodáile é Flórans. Tarraingíonn iontais na healaíne agus na hailtireachta na mílte turasóirí go dtí an áit gach uile bhliain.

Bhí rogha ealaíontóirí clasaiceacha na hIodáile ina gcónaí i bhFlórans, agus ba ansin a rugadh cuid mhór acu. Tá baint éigin le Flórans ag Dante Alighieri (file), Giovanni Boccaccio (scríbhneoir ceannródaíoch gearrscéalta anghrácha), Leonardo da Vinci (ealaíontóir agus eolaí), Sandro Botticelli (ealaíontóir), Niccolò Macchiavelli (fealsamh agus státaire, a chuir tús leis an eolaíocht pholaitiúil mar chraobh léinn), Filippo Brunelleschi (ealaíontóir), Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni (ealaíontóir), Donatello di Niccolò di Betto Bardi (ealaíontóir), Galileo Galilei (réalteolaí), Caterina de' Medici (baintreach an rí Fhrancaigh Annraoi a Dó, agus í ag déanamh ghnó na Banríona sa Fhrainc i ndiaidh bhás a fir chéile sa séú haois déag), Antonio Meucci (innealtóir Iodálach a rinne taighde ar aistriú na fuaime sa naoú haois déag - creideann cuid mhór Iodálach gurbh eisean agus níorbh é Alexander Graham Bell a chéadcheap an teileafón), Guccio Gucci (dearthóir éadaí agus gróintín gnó), Salvatore Ferragamo (dearthóir bróg), Roberto Gavalli (dearthóir éadaí), agus Emilio Pucci (dearthóir éadaí).

Basilica di Santa Maria del Fiore, i lár chathair Fhlórans