Is é rud is fleibíteas ann ná athlasadh féithe, bainteach le féitheacha borrtha go coiteann. Tarlaíonn sé go minic le trombóis na fola sa bhféith, agus ansin tugtar trombaifleibíteas air. Is iad na féitheacha sna cosa is minice a bhíonn buailte leis, agus uaireanta tarlaíonn sé i ndiaidh breith clainne nó máinliachta, nó le cónaí na fola sna cosa tar éis aistir fhada. Más géar an fleibíteas, is féidir go dtarlóidh othrasú an chraicinn os cionn na féithe is éidéime sna cosa. Is í an aimhréidh is measa ná eambólacht, do na scamhóga go háirithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fleibíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.