Is éard is fluaraiseacht[1] ann ná astú solais infheicthe ó dhromchla ábhair ar a dtugtar fosfar, tar éis don dromchla céanna a bheith imbhuailte ag radaíocht leictreamaighnéadach dhofheicthe eile le tonnfhaid níos lú, mar radaíocht ultraivialaitX-ghathanna. Braitheann dath nó tonnfhad an tsolais infheicthe ar an bhfosfar, agus is féidir fosfar a roghnú chun aon dath is mian a chruthú. I ngnáthlampa fluaraiseach, bíonn feadán gloine lán de ghal mearcair, agus an taobh istigh den ghloine clúdaithe le fosfar fluaraiseach. Bíonn leictreoidí ag dhá cheann an fheadáin, agus nuair a chuirtear dóthain voltais idir na leictreoidí, ianaítear an ghal, rud a chruthaíonn radaíocht ultraivialait. Ansin nuair a imbhuaileann an radaíocht seo an fosfar, aisradaítear solas infheicthe uaidh sin. Tá lampa fluaraiseach an-éifeachtach, beagnach 4 oiread níos éifeachtaí ná an gnáthlampa gealbhruthach: is é sin le rá go bhfaightear an oiread céanna lúman as lampa fluaraiseach 40 W is a fhaightear as lampa gealbhruthach 150 W.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fluaraiseacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-31.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fluairiseacht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.