Is éard is foilsitheoireacht ann ná eolas, litríocht nó ceol a chur ar fáil do phobal léitheoireachta éigin. Ar dtús, ghreantaí téacs i gcloich, ar steilí nó galláin, agus ar tháibléid chré. De réir a chéile, thosaigh daoine ag cur leabhar le chéile ag baint úsáid as pár, paipír, páipéar, agus fiú duilleoga pailme.

Ceannáras Mheiriceá Thuaidh Bertelsman i gCathair Nua-Eabhrac. Is é Bertelsman an 8ú foilsitheoir is mó ar domhan.

Ceapadh clódóireacht nó clóchur sa tSín chomh luath agus an 3ú céad AD agus beagán ar bheagán in áiteanna eile sa seandomhan. Shnoití leathanaigh iomlána i mbloic adhmaid agus ansin chuirtí i ndúch iad, agus ansin ar pháipéar nó ar phár. Bi Sheng a chéadcheap cló inghluaiste, sa tSín, go luath san 11ú céad agus rinneadh amhlaidh sa Chóiré ina dhiaidh sin. Thosaigh Johannes Gutenberg á dhéanamh chomh luath agus 1436 sa Ghearmáin. Ar an mbealach seo, d'fhéadfaí na carachtair a úsáid arís agus arís eile.

Le fada, b'ionann foilsitheoir agus clódóir. Uaireanta scríbhneoir a bhí sa duine freisin agus é ag cur bileog eolais nó paimfléidí dá chumadh féin i gcló. Ba mhinic, freisin, go dtéadh clódóir amach ar lorg scríbhneoirí, nó ar a laghad, ábhar scríofa a fhéadfaí a chur i gcló agus a dhíol.