Is éard a bhí i gceist le Forógra na Feabhra i stair na Fionlainne ná an forógra a d'eisigh impire na Rúise (Nioclás II) ar an 15 Feabhra 1899 le cuid den fhéinrialtas a bhaint d'Ard-Diúcacht na Fionlainne. Go dtí sin, bhí sé de chumhacht ag Dáil na Fionlainne gan glacadh leis na dlíthe nua Rúiseacha - is é sin, ní thugadh na Fionlannaigh aird ach ar an gcuid sin den reachtaíocht uile-Rúiseach a raibh siad sásta léi. Ó bhí na Fionlannaigh sách dílis don Impire ar dhóigheanna eile, tháinig an Forógra seo aniar aduaidh orthu ar fad, agus iad den tuairim gur míthuiscint de chineál éigin a bhí i gceist. D'achainigh leathmhilliún Fionlannach ar an Impire an forógra a chur ar ceal, ó shíl siad nach ón Impire féin a tháinig an forógra, ach ó chomhairleoir éigin nár thuig cúrsaí na Fionlainne.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtForógra na Feabhra
Map
Baint le limistéar údaráisan Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar