Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas

Catagóir d’institiúidí ardoideachais in Éirinn is ea an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas (Béarla: National Institute for Higher Education), chun oideachas teicniúil ardleibhéil a sholáthar os cionn chaighdeán na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha a bhí ann ag an am. Aithníodh nach raibh freastal maith ar an oideachas teicniúil in Éirinn go dtí gur tháinig na hinstitiúidí seo ar an bhfód.

An plean a bhí ann ná díriú ar oideachas ag leibhéal céime. Bunaíodh an chéad institiúid i Luimneach, áit a raibh éileamh ar ollscoil le fada; go deimhin, moladh “Ollscoil Luimnigh” inter alia ag deireadh na 1960idí i dTuarascáil Lichfield. Ar dtús, bhí an institiúid i mBaile Átha Cliath le bheith ar campas aontaithe le haghaidh scoile a dtabharfaí Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath air ina dhiaidh sin, ach, ina ionad sin, bunaíodh institiúid nua mar a rinne i Luimneach.

Iar-Institiúid Ollscoil Fógartha Oscailte Stádas Ollscoile
Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach Ollscoil Luimnigh 1969 1972 1989
Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 1971 1980 1989

Sna 1970idí bhíothas ag súil go mbeadh na hinstitiúidí ina gcoláistí aitheanta de chuid Ollscoil na hÉireann, agus le himeacht ama ardaíodh an stádas seo go stádas comhcholáiste. Ar dtús tharla sé seo ar feadh tamaill ghairid (1976-1977), ach bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais na céimeanna go léir tar éis 1977, agus lean sé seo go dtí gur baineadh stádas ollscoile amach.

Bhí na hinstitiúidí ina n-ollscoileanna de facto ón tús, ach ardaíodh go leibhéal ollscoile iad go hoifigiúil sa bhliain 1989 tar éis don Ghrúpa Staidéir Idirnáisiúnta ar Oideachas Teicneolaíochta a mholtaí a chur faoi bhráid Rialtas na hÉireann.