Is é is francbhéarla ann ná teanga atá in úsáid mar theanga ghnáthchumarsáide ag daoine nach bhfuil sí ó dhúchas acu, cosúil leis an dóigh a n-úsáidtear an Béarla inniu sa chuid is mó den domhan. Tá an téarma féin bunaithe ar lingua franca, an meascán d'fhocail Iodáilise, Tuircise, Fhraincise, Pheirsise, Ghréigise agus Araibise a bhí á labhairt ag taidhleoirí agus ag tráchtálaithe na Meánmhara sna Meánaoiseanna. Ón am sin i leith, fairsingíodh an téarma ar na teangacha eile a d'éirigh coitianta i gcomhchaidreamh na ndaoine ó thíortha éagsúla ina dhiaidh sin.

Infotaula de llenguaFrancbhéarla

Aicmiú teangeolaíoch
teanga
Tréithe
Staidéar agsochtheangeolaíocht

Inniu, áfach, ní thagraíonn an focal sin "francbhéarla" do theanga na dtaidhleoirí an oiread agus a thagraíonn sé do theangacha na cumarsáide béil.

Na Francbhéarlaí sa Stair agus sa tSochaí cuir in eagar

San Impireacht Rómhánach, b'í an Ghréigis an francbhéarla san Oirthear, agus an úsáid seo á baint as an Laidin san Iarthar. Ón seachtú haois déag ar aghaidh, b'í an Fhraincis teanga idirnáisiúnta na taidhleoireachta. San eolaíocht, áfach, b'í an Ghearmáinis a bhí chun tosaigh ar na teangacha eile, go dtí gur tháinig an Béarla ina háit i ndiaidh an dá chogadh domhanda. Inniu, is é an Béarla an francbhéarla is tábhachtaí ar fud an domhain. Mar sin féin, bíonn teangacha eile ag déanamh an ghnó chéanna anseo agus ansiúd. Sna tíortha tearcfhorbartha iar-choilíneacha, bíonn teanga na hiar-mháthairthíre coilíní tábhachtach i gcónaí, agus má tá an tír breac le dreamanna eitneacha agus le mionlaigh theanga, mar is gnách san Afraic ach go háirithe, tá sé ag teacht isteach áisiúil aon teanga amháin a bheith seanbhunaithe sa chóras oideachais agus sa saol cultúrtha.

Go minic, áfach, ní hé an leagan oifigiúil den teanga sin an francbhéarla i mbéal na cosmhuintire. Ina áit sin, cuireann na daoine ar leataobh an chuid den ghramadach nach bhfuil ach ag cur isteach ar an ngnáth-thuiscint, agus iad ag labhairt leaganacha simplithe den teanga eatarthu a bhfuil na teangacha is na canúintí áitiúla i ndiaidh a dtionchar a imirt orthu. Nasctheanga (pidgin) a thugtar ar an gcineál seo teanga. Níl an nasctheanga ó dhúchas ag aon duine. Nó má tá, ní nasctheanga í a thuilleadh, ach fásteanga (creole).

Francbhéarlaí tábhachtacha ar fud an domhain cuir in eagar

  • Is follasach gurb é an Béarla an francbhéarla is tábhachtaí i saol an lae inniu.
  • I gcodanna áirithe den Afraic, bhí an Phortaingéilis á húsáid go forleathan mar fhrancbhéarla sa chúigiú is sa séú haois déag.
  • Tá an Svahaílis an-tábhachtach mar fhrancbhéarla in Oirthear na hAfraice, agus í ag dul chun leitheadúlachta fiú mar theanga dhúchais.
  • Teanga láidir í an Iarúibis in Iarthar na hAfraice, an Nigéir ach go háirithe, agus úsáid an fhrancbhéarla á baint aisti go forleathan.
  • Maireann an Rúisis á labhairt mar fhrancbhéarla i gcuid mhaith de na poblachtaí iar-Shóivéadacha, go háirithe mura bhfuil forbairt cheart liteartha déanta ar an bpríomhtheanga áitiúil.
  • Is í an teanga Sango an francbhéarla i bPoblacht Lár na hAfraice. Is í an teanga a roghnaíonn formhór mór na ndaoine sa tír sin a labhairt le strainséirí, siúd is nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag duine as gach aon deichniúr.
  • An teanga a dtugtar "Indinéisis" nó Bahasa Indonesia uirthi san Indinéis, ní raibh ann ar dtús ach an chanúint áitiúil den Mhalaeis. Ós rud é go raibh leagan nasctheangaithe den Mhalaeis á úsáid mar fhrancbhéarla ar fud na nIndiacha Thoir le fada, chinn lucht rialtais na hIndinéise an Mhalaeis a thabhairt isteach mar theanga oifigiúil na tíre, cé nach raibh sí ó dhúchas ach ag duine as gach deichniúr de mhuintir na hIndinéise.

Tagairtí cuir in eagar