Francis Browne

grianghrafadóir Éireannach

Ba shagart Íosánach é Francis Browne (3 Eanáir 1880 - 7 Iúil 1960) agus an grianghrafadóir a thóg na fótagraif deireanacha ar bord na loinge, an RMS Titanic.

Infotaula de personaFrancis Browne
Beathaisnéis
Breith3 Eanáir 1880
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Iúil 1960
80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Séiplíneach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann
Coláiste Chaisleán Cnucha
Milltown Institute of Theology and Philosophy (en) Aistrigh
Ollscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgrianghrafadóir, sagart Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Ord crábhaidhCumann Íosa
Croineolaíocht
10 Aibreán 1912-15 Aibreán 1912RMS Titanic maiden voyage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Beatha cuir in eagar

 
Croix de Guerre, Francis Browne

Mac léinn Íosánach ba ea Francis Browne sa bhliain 2012.. Thug a uncail, Easpag Chluana, ceamara dó mar bhronntanas.

Chuaigh sé ar bord an Titanic i mí Aibreáin 1912 i Southhampton agus tháinig sé i dtír, ar an dea-uair, i gCóbh. Nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill, dhíol Browne a chuid grianghraf agus bhí siad sna nuachtáin ar fud an domhain.[1]

Tar éis a oirnithe i 1915, bhí Browne mar shéiplíneach leis na Irish Guards sa Fhrainc.

Cuireadh chun na hAstráile é ar feadh dhá bhliain. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag cur cúrsaí spioradálta ar siúl ar fud na hÉireann agus Shasana.

Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.

Oidhreacht cuir in eagar

Lean Browne leis ag grianghrafadóireacht agus d’fhág sé bailiúchán de 42,000 claonchló, agus nótaí leo, ina dhiaidh. Thángthas orthu i gcartlann Íosánach i 1985, cúig bliana tar éis a bháis. Glacadh 35,000 acu in Éirinn, 4,800 acu siud i mBaile Átha Cliath, agus an chuid eile thar sáile. Tá an bailiúchán cáiliúil seo á chaomhnú anois mar oidhreacht náisiúnta.

Féach Father Browne’s Ireland (1989) agus Father Browne’s Dublin (1993).

Íomhánna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ar an lá seo, 1960: Bás Francis Browne, grianghrafadóir ar an Titanic" (ga). An tUltach (2010-07-07). Dáta rochtana: 2022-03-06.