Frank Herbert

scríbhneoir Meiriceánach

Scríbhneoir ficsin eolaíochta ó na Stáit Aontaithe ab ea Franklin Patrick Herbert Óg, nó Frank Herbert mar a shíníodh sé a chuid saothar. Rugadh in Tacoma, stát Washington, ar an 8ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1920, agus shíothlaigh sé ar an 11ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1986 i Madison, stát Wisconsin.

Infotaula de personaFrank Herbert

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Frank Patrick Herbert
8 Deireadh Fómhair 1920
Tacoma, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Feabhra 1986
65 bliana d'aois
Madison (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phaincréis)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnZen
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Washington
North Salem High School (en) Aistrigh
Ardscoil Lincoln Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean eolaíochta
Gairmscríbhneoir, iriseoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, grianghrafadóir, úrscéalaí, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1945 –  1986
SeánraFicsean eolaíochta
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileFlora Lillian Parkinson
Theresa Diane Shackelford Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBrian Herbert
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0378541 Allocine: 243230 Allmovie: p310356 TCM: 1023306 Metacritic: person/frank-herbert TV.com: people/frank-herbert
iTunes: 296898111 Musicbrainz: 61ab2306-3f9b-431d-97b1-39868b1b351b Discogs: 1304564 Find a Grave: 52106454 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an saothar is tábhachtaí a tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd Dune ("An Dumhach") agus an tsraith úrscéalta a scríobh sé le scéal na Dumhcha a leanúint. Foilsíodh an chéad úrscéal sa tsraith faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1965, ach roimhe sin féin bhí sé le léamh san iris chlúiteach ficsin eolaíochta úd Analog.

Tá imeachtaí an úrscéil úd Dune suite ar Arrakis, pláinéad gainimh a bhfuil "spíosra" rúndiamhair le fáil air. Is iad na péisteanna millteanacha a chónaíonn i ndoimhneacht na bhfásach gainimh a sholáthraíonn an spíosra, agus a lán airíonna éagsúla ag baint leis a tharraingíonn súil an réaltra go léir air. Teastaíonn an spíosra go géar ó eitleoirí na spásbhád idir-réaltach, ós rud é go gcaithfidh siad a bheith meabhrach ar thoisí uile na hollchruinne, agus iad ag ithe an spíosra leis an meabhraíocht seo a bhaint amach. Thairis sin áfach cuireann an spíosra fad le do shaol. Is iad an dá theaghlach uasal úd - muintir Atreides agus muintir Harkonnen - atá ag iarraidh teacht i seilbh Arrakis agus an spíosra. Thairis sin áfach tá Siúracha Bene Gesserit, cineál ord spioradálta do mhná, ag iarraidh a ladal féin a chur sna himeachtaí. Is é Paul Atreides atá i gcroílár an scéil - fear óg de mhuintir Atreides agus na Siúracha ag iarraidh é a iompú ina Kwisatz Haderach, sórt meisias a bhfuil i ndán dó an réaltra go léir a tharrtháil agus a rialú. Gné eile den scéal iad na Fremen, muintir an fhásaigh a chuirfeadh na hArabaigh i gcuimhne duit. Tugann siad Muad'Dib ar Paul, nó sin é an t-ainm atá acu ar Mheisias. Le fírinne ba iad na Siúracha a scaip an finscéal meisiasach ina measc ar dtús, nó is cuid dá n-obair scéalaíocht den chineál sin a chur ag imeacht ar phláinéid phrimitíbheacha ar mhaithe leo féin. Siúr de chuid Bene Gesserit í máthair Paul, Jessica, agus í in ann teacht i dtír ar an seanchas seo le tearmann a fháil i measc na bhFremen di féin agus dá mac.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar