Ainm trádálach ar chlórafluaracarbóin chomhlacht DuPont, an comhlacht is mó ar Domhan a dhéanann na ceimiceáin seo. D'úsáidtí Freon mar ábhar cuisnithe (cuisneán) i gcuisneoirí is aeroiriúnaitheoirí, cheimiceán iompair i gcannaí aerasóil, gníomhaí glanta, agus i ndéanamh cúrphlaisteach. Tá dianiarracht ar siúl na húsáidí uile seo a laghdú ar fud an Domhain ar mhaithe leis an gciseal ózóin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Freon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.