Bandia de chuid chreideamh na Lochlannach ba ea Froig (Sean-Lochlainnis: Frigg), ar bhean chéile an phríomhdhé Óidin í. Adhradhadh í ina lán treibheanna Gearmánacha eile chomh maith, mar shampla, tugadh Frīja uirthi sa tSean-Ghearmáinis Ard, Frīg sa Sean-Bhéarla, agus Frīa sa tSean-Fhreaslainnis. Ná measctar Froig agus Frae le chéile; is bandia Lochlannach ar leith í Frae a shíolraigh ó mhuintir na Vanir ó dhúchas, agus baineann Froig le muintir na nÆsir. Fós féin, meastar go bhfuil ceangal éigin acu beirt lena chéile, mar gheall ar na cosúlachtaí idir a n-ainmneacha agus a róil.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFroig

Cuir in eagar ar Wikidata
CineálNorse deity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
MiotaseolaíochtMiotaseolaíocht Ioruach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileÓidin agus Vili and Vé (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFjörgynn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíBaldur Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ball deÁsynjur (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMiotaseolaíocht Ioruach Cuir in eagar ar Wikidata
Froig agus a Cuid Ógmhná, foilsithe den chéad uair i 1902

Dar le foinsí Lochlannacha, bhí baint ag Froig leis an bpósadh, leis an bhfáistine agus le máithreachas. Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar an móid ar chuir sí gach uile rud ar domhan fúithi, nach ngortóidís a mac Baldar. Rinne Froig dearmad ar an drualus nuair a bhí sí ag cur na móide, áfach, agus sa deireadh thiar mharaigh an dia dall Hód Baldar le saighead drualusa.