I gcúrsaí meitéareolaíochta, téitear nó fuaraítear an t-aer os cionn na talún ag dromchla te nó dromchla fuar faoi seach. Ar fud an Domhain go léir, tá timpeall 20 bunionad ina gcruthaítear toirteanna ollmhóra aeir. Mar shampla, ar mhachairí Cheanada déantar toirt ollmhór aeir fhuair, agus ar Mhuir Chairib toirt ollmhór aeir the. Nuair a ghluaiseann na toirteanna seo amach óna mbunionaid, athraíonn siad an aimsir. Is é an rud is tábhachtaí ina leith ná cad a tharlaíonn nuair a thagann dhá cheann acu le chéile chun fronta aeir a chruthú. 4 shaghas fronta is féidir a bheith ann: fuar, te, fosaithe agus calctha. I bhfronta fuar, tagann toirt aeir fhuair chun toirt the a chur siar. De bhrí gur aer dlúth trom é aer fuar, brúnn an toirt fhuar i bhfoirm dinge faoi bhun an aeir the. Ar feadh an fhronta seo, comhdhlúthaítear an taise san aer te, agus mar thoradh cruthaítear scamaill is titeann báisteach nó fiú sneachta. De réir mar a théann an fronta fuar ar aghaidh éiríonn na scamaill níos airde, go mbíonn an aimsir socair fionnuar. I bhfronta te, mar mhalairt, tagann toirt aeir the chun toirt fhuar a ruaigeadh. De bhrí gur aer éadrom éadlúth é aer te, brúnn an toirt the, i bhfoirm dinge atá droim ar ais, anuas ar an aer te. Ar feadh an fhronta the comhdhlúthaítear aon taise atá san aer te, agus mar thoradh cruthaítear scamaill is titeann báisteach. De réir mar a théann an fronta te ar aghaidh éiríonn na scamaill níos ísle, go mbíonn an aimsir ceobhránach. I bhfronta fosaithe, gluaiseann dhá thoirt i gcoinne a chéile, toirt fhuar is toirt the, ag meascadh de réir a chéile. I bhfronta calctha (oclúidithe), gluaiseann toirt fhuar i gcoinne toirte te, ach le toirt fhuar eile taobh thiar den toirt the, ionas nach féidir leis an toirt the ach gluaiseacht suas. Bíonn a leithéid an-mharbhánta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Frontaí aeir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 291.