Fuente Vaqueros
Baile mór agus bardas (Spáinnis: municipio) is ea Fuente Vaqueros (de ghnáth, tugann muintir an cheantair La Fuente uirthi), atá suite in iarthar an réigiúin Vega de Granada, i gcúige Granada, i gcomhphobal féinrialaitheach (comunidad autónoma) na hAndalúise. Tá teorainneacha aici leis na bardais Santa Fe, Chauchina, Cijuela, Láchar agus Pinos Puente, cé nach bhfuil ach stráice cúng talún amháin, de 100 méadar ar fad, a scarann í ar an teorainn idir Pinos agus Valderrubio.[1] Ceantair eile in aice láimhe is ea Romilla, Alitaje, Zujaira agus Casanueva. Is ceann í de na caoga is a dó haonáin a chuimsíonn 'Limistéar Uirbeach Granada' (Spáinnis: Área Metropolitana de Granada).
Fuente Vaqueros | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach na Spáinne | An Andalúis | ||||
Cúigí na Spáinne | Granada | ||||
Príomhchathair | Fuente Vaqueros | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 4,594 (2023) | ||||
• Dlús | 286.95 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Granada notarial district (en) Vega de Granada (en) | ||||
Achar dromchla | 16.01 km² | ||||
Airde | 543 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Fuente Vaqueros | Francisco José Martín Suárez | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 18340 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
INE municipality code (en) | 18079 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | fuente-vaqueros.com |
Rugadh an file mór le rá Federico García Lorca in Fuente Vaqueros sa bhliain 1898.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ BOJA (18 de diciembre de 2013).