Leacht speisialtaithe de chuid na colainne is ea an fhuil. Soláthraíonn sí ábhar riachtanach – ocsaigin (O2) agus cothaithigh – do chealla na colainne, agus iompraíonn sí fuíolltáirgí meitibileacha ó na cealla seo go dtí na baill eisfheartha: na duáin, an t-ae, na scamhóga agus an stéig. Lánaíonn sí roinnt fheidhmeanna eile chomh maith: iompraíonn sí na hormóin timpeall na colainne, agus tá páirt láidir aici i gcosaint na colainne ó ionfhabhtú.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFuil
Sonraí
Laidinsanguis
Cuid decóras imsruthaithe
Aitheantóirí
MeSHD001769
TAA12.0.00.009
FMA9670 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/blood-biochemistry
Téarmaíocht anatamaíoch
Comhdhéanamh na fola idir plasma, cealla fola dearga agus cealla fola bána agus plátíní

Tá trí chomhpháirt san fhuil: na fuilchealla dearga, a iompraíonn ocsaigin; na fuilchealla bána, a chosnaíonn an cholainn ó ionfhabhtú, maraon leis na pláitíní, a chneasaíonn gránuithe agus créachtaí; agus an plasma, leacht a iompraíonn na cealla fola agus ina dtuaslagaíonn na substainte iompartha eile.

Sna daoine fásta, is sa smior a chruthaítear na fuilchealla nua, i bpróiseas ar a dtugtar fuilghiniúint.

Úsáidtear an focal céanna fuil i nGaeilge na hAlban.

Sna Logainmneacha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar