Aistriú fuil duine amháin isteach i gcolainn duine eile is ea fuilaistriú, mar shampla, chun cabhrú le duine a chaill cuid mhaith fola trí ghortú.[1] Déantar an fhuil i gcomhair fuilaistrithe a scagthástáil chun tarchur oibreán ionfhabhtaithe a sheachaint.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisFuilaistriú
cuir in eagar
CIM-9-MC99.0 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD001803 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000431 Cuir in eagar ar Wikidata
comhoiriúnacht

Deacrachtaí cuir in eagar

Is dainséar é galar Creutzfeld-Jakob, agus galair eile, SEIF mar shampla, don chóras fuilaistriúcháin.

Baintear mí-úsáid as fuilaistrithe mar dhruga a chuireann leis an bhfeidhmiú sa spórt. Déanann seo líon na bhfuilchealla dearga a mhéadú agus sa tslí seo an méid ocsaigine a iompraítear san fhuil a ardú.

 
mála fola

Stair cuir in eagar

Rinneadh a leithéid den chéad uair go luath sa 19ú céad, ach torthaí marfacha a bhí air go minic. Rinne James Blundell, obstatraí i Londain, an chéad fhuilaistriú ar an 25 Meán Fómhair 1818.[3] D'éirigh cuibheasach maith leis. Ach níorbh théidir fuilaistriú slán áisiúil a dhéanamh go cliniciúil go bhfuarthas amach mar gheall ar thíopáil fola agus an gá le comhoiriúnacht idir tíopaí an thaighteora is an deontóra.[4] Níor thángthas ar na  fuilghrúpaí roimh 1900.[5] Bronnadh Duais Nobel an Leighis ar  Dr Landsteiner. don fhionnachtain sin sa bhliain 1930.[6]

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí gá le méid ollmhór fola le haghaidh fuilaistriúchán do dhaoine gortaithe. Ina dhiaidh sin saothraíodh bealaí chun fuil ó dheontóirí a stóráil le húsáid níos déanaí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. giveblood.ie. "TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2011".
  3. "Highlights of Transfusion Medicine History". www.aabb.org. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  4. Dariush D FARHUD, Marjan ZARIF YEGANEH (2013-01-01). "A Brief History of Human Blood Groups". Iranian Journal of Public Health 42 (1): 1–6. ISSN 2251-6085. PMID 23514954. PMC:3595629. 
  5. "ABO blood group system" (as en) (2020-09-16). Wikipedia. 
  6. "The Nobel Prize in Physiology or Medicine 1930" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-09-26.