Is oscailt i mballa nó i ndíon í an fhuinneog, agus í feistithe de ghnáth inniu le gloine i bhfráma chun solasaer a ligean isteach agus ligean do dhaoine féachaint amach.

Fuinneoga

Tagann an focal Gaeilge fuinneog ó vindauga na sean-Lochlainnise; tagann vindauga féin as vindr (gaoth) agus auga (súil), is é sin le rá, súil ghaoithe nó gaothshúil.

Go bhfios dúinn ba iad na Rómhánaigh na chéad daoine a bhain úsáid as gloine i bhfuinneoga. Is dócha gur forbraíodh an teicneolaíocht sin in Alexandria timpeall na bliana AD 100.

Bhaintí úsáid as páipéar i bhfuinneoga sa tSín, sa Chóiré agus sa tSeapáin. I Sasana bhíodh adharca ainmhithe in úsáid i gcomhair fuinneog; níor thosaigh daoine ag baint úsáid as gloine i bhfuinneoga i ngnáth-thithe ansin go dtí an chéad chuid den 17ú haois.

Gloine fuinneoige Rómhánach ón Ghearmáin, AD 100–400