Géarchéim airgeadais 2007-2008

Tharla an ghéarchéim airgeadais 2007-2008 nuair a phléasc an bolgán tithíochta amach sna Stáit Aontaithe agus tar éis do na bainc bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí (iasachtú fophríomha go háirithe).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim airgeadais 2007-2008
Íomhá
Cineálgéarchéim airgeadais Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2007 - 
CúisUnited States subprime mortgage crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
féimheachtː Bear Stearns[1]
rátaí úis, SAM
dhearbhaigh Lehman Brothers[2] go raibh siad bancbhriste
2003-2007 i SAMː bhí an ghiaráil chaipitiúil ag éirí agus ag éirí
easpa infheistíochta i 2008 agus níos déanaí sna Stáit Aontaithe
̊Rinneadh Wama[3] iarratas ar fhéimheacht
Tháinig AIG slán as, ach dóbair dóibh[4]
Tháinig Fannie Mae[5] agus Freddie Mac slán as, ach dóbair dóibh

Imeachtaí cuir in eagar

 
iasachtú fophríomha (1996-2008)
 
bhí praghsanna tithe an-ard go deo sa bhliain 2007/2008 (Case-Shiller National Home Price Index)
 
an teach a leagadh nó a dhíol agus chun gadaíocht a stopadh
 
Dow Jones 2006 - 2008

Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-iasachtú fophríomha i dtrioblóid. I dtús na bliana 2008, bhí ag teip ar go leor gnólachtaí. Bhí an bróicéir Bear Stearns an chéad comhlacht sistéamach chun dul i mbá. Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i Nua-Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain..

Bhí daoine ar fud an domhain buailte leis. Mar shampla, in Éirinn, ar an 17 Márta 2008, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%.

Ar an 6 Meán Fómhair 2008, ghlac rialtas SAM seilbh a ghabháil ar Fannie Mae agus Freddie Mac.[6]

Ar an 15 Meán Fómhair, chlis an gnólacht baincéireachta domhanda Lehman Brothers,[7][8]

Ar an 26 Meán Fómhair; bhí baill Páirtí na bPoblachtánach sa Chomhdháil ag cur i gcoinne cuid den Phlean Paulson[9] i gcónaí (bhí cainteanna ann fós faoi phlean tarrthála an chiste stát; moladh luach seacht gcéad billún dollar de dhrochfhiacha a cheannach).[10]

Thosaigh bainc ceannais ar fud an domhain ag cur breis airgid i gcóras airgeadais an domhain, féachaint le cuidiú leis an ngearchéim airgeadais sna margadh domhanda.

Deirtear gurb iad na himeachtaí sin (cliseadh Fannie, Freddie agus Lehman) a chuir tús leis an ngéarchéim airgeadais san Eoraip.[11] Ach tharla an cliseadh cúpla lá níos déanaí, nuair a chuaigh tarrtháil na hearnála baincéireachta i sáinn.iasachtú fophríomha

Sna Stáit Aontaithe, ar an 28 Meán Fómhair; dúirt Comhdháil na Stát Aontaithe ní bheadh ar an gcáiníocóir an difear a dhéanamh suas.[12]

Tharla "Luan Dubh an Áir" ar an 29 Meán Fómhair. Chonacthas titim mhór ar luach scaireanna airgid ar stocmhalartáin na hEorpa go háirithe agus iad ag trádáil idir 8% -18% níos ísle ná 28 Meán Fómhair.[13]

Polasaithe curtha i bhfeidhm cuir in eagar

Beartais  airgeadais cuir in eagar

Glacadh céimeanna (a bheag nó a mhór) i ngach tír chun taisceoirí beaga a chosaint, ionas nach mbeadh ruathar ar na bainc agus daoine ag iarraidh a gcuid airgid a bhaint amach.

Polasaithe airgeadaíochta cuir in eagar

Agus iad ag freagairt ar bhealach comhordaithe do shuaitheadh mór an mhargaidh, chuir bainc cheannais ar fud an domhain na billiúin dollar agus euro de leachtacht ar fáil do mhargaí airgeadais.

Beartais fhioscacha cuir in eagar

Bhí an Géarchéim faoi lánseol nuair a toghadh Barack Obama don chéad uair mar uachtarán. Nuair a tháinig an rialtas nua ag tús na bliana 2009, cuireadh pacáiste ollmhór i bhfeidhm láithreach leis an ngeilleagar a spreagadh. Is mór idir é seo agus na polasaithe fioscacha san Eoraip ag an am, beartais déine.

Imeachtaí in Éirinn cuir in eagar

Bhí brú nach beag ar na bainc in Éirinn. Nuair a chlis ar bhoilgeog na dtithe cónaithe sa tír seo, chonacthas a laige a bhí a leibhéil chaipitil agus a leabhair iasachta.

Thosaigh an scaoll bainc mór agus olléileamh ar an gcóras baincéireachta ar an 18 Meán Fómhair 2008. Ghlaoigh Lenihan an clár raidió Liveline agus labhair sé le Joe Duffy; bhí alltacht ar Lenihan ach ní raibh sé in ann an teannas a mhaolú.[14]

Ghlac an rialtas Éireannach céimeanna thar a beith mór chun na taisceoirí go léir a chosaint (fiú na taisceoirí mhóra thar lear). Mar shampla, i mí Mheán Fómhair 2008, méadaíodh Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann (SRT) ó €20,000 go €100,000 agus glacadh comhair chreidmheasa faoina coimirce den chéad uair riamh.

Ar Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008, bhí Lenihan ag na rásaí capall i bPáirc Ghabhráin, Cill Chainnigh agus an ghéarchéim airgeadais ina thine bhruite ar fud an domhain. Bhí Banc Ceannais Eorpach ag iarraidh dul i dteagmháil leis agus é thar a bheith míshásta le scéim ráthaíochta na mbanc. Ach ní raibh Lenihan le fáil chun labhairt le Jean-Claude Trichet ar an lá sin.[14]

Cúpla lá níos déanaí, tugadh isteach reachtaíocht éigeandála chun ráthaíocht gan teorainn a thabhairt do gach taisce i sé institiúid a bhí faoi úinéireacht Éireannach.

Ansin rinne an Stát na bainc a athchaipitliú, agus rinneadh Anglo Irish Bank a náisiúnú i ndeireadh na dála in 2009.

Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis an ghéarcheim airgeadais, tharls géarchéim eile sa bhliain 2010. Tháinig laghdú tubaisteach ar mhaoiniú an Stáit. Ag pointe amháin, bhí deacrachtaí ag Rialtas na hÉireann infheisteoirí a mhealladh agus rátaí úis os cionn 10%.

Ceachtanna cuir in eagar

Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip ar na húdaráis, in Éirinn agus thar lear, an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais.[15]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Bear Stearns" (as en) (2021-03-03). Wikipedia. 
  2. "Lehman Brothers" (as en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  3. "Washington Mutual" (as en) (2021-03-11). Wikipedia. 
  4. "American International Group" (as en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  5. "Fannie Mae" (as en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  6. "Federal takeover of Fannie Mae and Freddie Mac" (as en) (2020-08-03). Wikipedia. 
  7. centralbank.ie (2018). "Scéal Bhanc Ceannais na hÉireann - 75 BLIAIN AG FORBAIRT". Dáta rochtana: 2020.
  8. "Bankruptcy of Lehman Brothers" (as en) (2020-09-24). Wikipedia. 
  9. "Emergency Economic Stabilization Act of 2008" (as en) (2021-09-26). Wikipedia. 
  10. "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2008-09-26). 
  11. Séamas Ó Meachair. "Cumhacht Chiúin Merkel Banríon na Déine" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  12. "US economy: 'Toxic' Wall Street $700 billion bail-out rejected" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  13. Nuacht RTÉ (2008-09-29). "Cinnlínte Nuachta" (as ga). 
  14. 14.0 14.1 Hugh O'Connell. "30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  15. Ciarán Mac Aonghusa (EAGRÁN 91 · SAMHAIN 2008). "Athbhreithnú de dhíth ar struchtúr an Rialtóra Airgeadais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  16. Ciarán Dunbar. "Géarchéim cad é? Léargas ar bhéarlagair na heacnamaíochta" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.