Bordchluiche straitéiseach beirte is ea a thosaigh sa tSean-Sín sa tréimhse 2000 RC go 200 RC. Tá an-ghnaoi ar an gcluiche seo ar fud na hÁise; sa tSeapáin agus sa tSín go háirithe. Le teacht an idirlín, tá níos mó daoine ag imirt gó ar fud an domhain.

Bosca Sonraí Cluiche
Sampla decluiche boird, game on cell board (en) Aistrigh agus two-player game (en) Aistrigh
Dáta a cruthaíodhluach anaithnid
Líon uasta na n-imreoirí2
Tuilleadh eolais
BoardGameGeek188
Fir Síneacha ag imirt Go (Pictiúr ón 16ú haois)

Ainm cuir in eagar

Tagann an t-ainm Gaeilge ón Seapáinis [go]; ciallaíonn an ainm Sínise 圍棋 [wéiqí] "Bordchluiche Timpeallaithe". Tugtar 바둑 [baduk] sa Chóiréis.

Rialacha cuir in eagar

Tá an cluiche cosúil le fichille mar is cluiche straitéiseach é. Ach tá cothrom na féinne idir gach fiche; Níl rí ná banríon le cumhacht breise sa chluiche seo. Nuair a thosaíonn an cluiche, níl aon phíosa ar an mbord. Cuireann an t-imreoir píosa (darbh ainm "cloch") ar an mbord. Tá téarmaí speisealta ann ó theanga na Seapáine mar shampla uttegae sórt íobartha agus imeartha sa tsúil. Tá an cluiche bunaithe ar shean-chogadh sa tSeapáin agus b'éigean na himreoirí fiche nó talamh an imreora eile a timpeallú. Uaireanta níl tú ró-chinnte, níl sé soiléir cé a bhuaigh an cluiche agus caithfidh na himreoirí comhaireamh a dhéanamh. Tarlaíonn sé sin nuair atá an cluiche géar.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar