Ábhar le hiarmhairt spreagthach ar na gónaid. I veirteabraigh, cuimsíonn sé hormóin phiotútacha ar leith (an hormón falacailspreagthach, an hormón lúitéinitheach), agus i mamaigh, hormón placainte (gónadatróifin chóiríneach). Bíonn gónadatróifiní freagrach as táirgeadh na ngnéashormón agus tús na haibíochta gnéasaí. Bíonn iarmhairt acu ar thimthriallta póraithe freisin trí aibiú na n-ubhán sna hubhagáin, agus na speirmeacha sna huiríocha a chur chun cinn. I ndaoine, braitheann diagnóisiú an toirchis ar bhrath gónadatróifine cóiríní sa bhfual nó plasma na fola.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gónadatróifin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 327.