Eagraíocht Gaeilge í Gael Linn a bunaíodh sa bhliain 1953 le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hÉireann ar gach aon nós ab fhéidir. anuas.

Bosca Sonraí EagraíochtaGael Linn
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1953
Bunaitheoir(í)Rialtais na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingael-linn.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bunú Ghael Linn cuir in eagar

Ba é an Comhchaidreamh (agus an iris Comhar) réamhtheachtaire Ghael Linn; eagraíocht do lucht ollscoile - na mic léinn agus na céimithe araon - a bhí sa Chomhchaidreamh. Bhí an Comhchaidreamh ag obair ó lár na dtríochaidí

I ndiaidh Ré na Práinne, bhí athruithe móra ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shochaí na hÉireann go léir. Bhí caighdeán úr agus litriú nua ag dul i bhfeidhm ar an teanga, agus an tír féin á hoscailt don domhan mhór. Mar sin, shíl go leor daoine go raibh athchruthú agus athnuachan ag teastáil ó ghluaiseacht na Gaeilge féin. Ba í an chorrthónacht seo a thug spreagadh agus inspioráid dóibh siúd a bhunaigh Gael Linn.

Ball den Chomhchaidreamh[1] ba ea Riobard Mac Góráin[2] agus ba é, in éineacht le baill eile, le Dónall Ó Moráin go háirithe, a bhunaigh Gael Linn ar 3 Bealtaine 1953 san Óstan Imperial i gCorcaigh. Ba iad an bheirt sin ba mhó a chuir an ghluaiseacht sin chun cinn.

Ar dtús, ní raibh i gceist le Gael Linn ach scéim urraíochta. Mhol Dónall Ó Móráin go mbunófaí "linn pheile", in aithris ar na linnte sacairfootball pools i Sasana, ach í a bheith bunaithe ar na cluichí Gaelacha, go háirithe ar an bpeil Ghaelach. Pé brabús a shaothródh an linn rachadh sé chun sochair do na scéimeanna Gaeilge. D'íocadh na baill cineál deachú, nó "scilling na Gaeilge", in aghaidh na seachtaine.

 
Máirtín Ó Cadhain

Tháinig lucht ceannais na heagraíochta le chéile an chéad uair eile ar Shráid an Fheistí, BÁC[3] i Mí Lúnasa 1953. Dónall Ó Móráin a bhí ina chathaoirleach, agus bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ar dhuine de na daoine cáiliúla a bhí ag an gcruinniú. Daoine eile ab ea Aogán Brioscú, Máire Bhreathnach, Riobard Mac Górán, Clár Ní Dhuigneáin, agus Seán Ó Síocháin.

Ceapadh an Móránach le dul ina mbun, agus ar a chomhairle siúd, thogh an coiste gnó cúigear ball den Chomhchaidreamh ina gcomhaltaí de choiste reáchtála na linnte:[4]

  • Aodhagán Brioscú, ailtire, agus ball den Chomhchaidreamh a bhí ar choiste Comhar;
  • Art Ó Maolfabhail, mac léinn de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath;
  • Tomás Ó Laidhin, céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a bhí ag obair sa Roinn Airgeadais;
  • Mícheál Ó Riain, reachtaire chumann Gaelach an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; agus
  • Solamh Woolfson, a bhí ina reachtaire ar an chumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus ina uachtarán ar an Chomhchaidreamh sa bhliain 1953.[4]

Fás Ghael Linn cuir in eagar

Sé bliana i ndiaidh a bunaithe, bhí Gael Linn ag tabhairt uaithi breis is céad míle punt airgid in aghaidh na bliana le cúis na Gaeilge a chur chun cinn. Ar dtús, ní raibh i gceist ach maoiniú - is é sin, bhi Gael Linn ag tabhairt tacaíochta do scéimeanna is d'fhiontair de chuid gníomhaithe eile i saol na Gaeilge.

Tháinig athrú ar an scéal seo go gasta, áfach, agus thosaigh an eagraíocht ag dréachtú a cuid fiontar féin. Ba liosta le lua ar éirigh leis an ngluaiseacht a chur i gcrích le linn Uí Mhóráin agus Mhic Górain:[2]

  • Na céadta albam ceoil Gael Linn;
  • Mise Éire; Maítear gurbh é Gael Linn, agus Mac Góráin go háirithe, ba thúisce a d’aithin cumas Sheáin Uí Riada sa chumadóireacht, go háirithe in Mise Éire, an scannán mórchlúiteach acu in 1959. Meastar gur chuir ceol an scannáin sin le tuiscint daoine ar thábhacht na teanga.
  • Scannáin sheachtainiúla nuachta Gaeilge dar teideal ‘Amharc Éireann’ i gcuid mhór de phictiúrlanna na hÉireann (féach thíos);
  • An amharclannaíocht agus an Damer go háirithe. Bhí ciorcal drámaíochta ann, agus ba sa Damer a céadléiríodh dráma cáiliúil Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall, a chuaigh ar fud an domhain ina dhiaidh sin faoi chulaith Bhéarla.
  • Anois (1984–1996), páipéar seachtainiúil; scoláireachtaí Gaeltachta;
  • Fiontair ghnó sa Ghaeltacht. Scéimeanna Gaeltachta, ar nós scéimeanna feirmeoireachta, tionsclaíochta agus turasóireachta;
  • Slógadh
  • Múineadh na Gaeilge (féach thíos) agus cúrsaí ar nós Eachtra Ghael Linn, cúrsa samhraidh i dTír Chonaill. Bhí Gael Linn ag tabhairt urraíochta agus ag soláthar scoláireachtaí do pháistí scoile Gaeltachta freisin.

Bhí na gníomhaíochtaí go léir ag brath go pointe áirithe ar linn pheile a bhí bunaithe ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael.

Múineadh na Gaeilge cuir in eagar

Bhí múineadh agus teagasc na Gaeilge ar cheann de na clocha ba mhó ar phaidrín Ghael Linn riamh, ní nach ionadh. Bhí sí ar tús cadhnaíochta ag cur ranganna Gaeilge ar bun do dhaoine fásta, agus bhí sí páirteach i ndréachtú agus i dtaifeadadh an chúrsa Gaeilge a d'fhoilsigh Linguaphone, an comhlacht idirnáisiúnta a rinne speisialtóireacht ar na cúrsaí féinteagasctha teanga a bhfuil taifeadtaí ag dul leo i bhfad sula ndeachaigh na foilsitheoirí eile leis an ngnó sin.

Ceannródaíocht na mórmheán cuir in eagar

Bhí tuiscint mhaith ag Gael Linn ar thábhacht na poiblíochta agus na mórmheán cumarsáide in obair na Gaeilge. Mar sin, bhí an eagraíocht sách luath ag maoiniú déantús scannán faisnéise, go háirithe Amharc Éireann. Is éard a bhí i gceist le hAmharc Éireann ná nuachtríl a chuaigh ar taispeáint ar phictiúrlanna na tíre go seachtainiúil. Roimh theacht na teilifíse, bhí tábhacht nár bheag leis na nuachtríleanna mar mheán cumarsáide, agus mar sin, ba bheart éifeachtach nuálach é Amharc Éireann lena linn féin. Tríd is tríd, bhí ról lárnach ag Gael Linn i nua-aoisiú agus i mórmheánú na teanga.

 
Ceol - Gearóid Ó hAllmhurain & Pierre Schryer

Gael Linn inniu cuir in eagar

Tá ceannoifig Ghael Linn suite ag 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.

Gaelbhratach cuir in eagar

Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun chinn. Is féidir le gach saghas scoil páirt a glacadh sa scéim, ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile.

An príomhaidhm atá ag an scéim ná chun cultúr de labhairt na Gaeilge neamhfhoirmiúil a chruthú agus a chothú i measc phocal na scoile. Cuirtear tacaíocht ar fáil do múinteoirí chun spriocanna foghlama Curaclam Teanga na Bunscoile a bhaint amach i gcomhar le plean oifigiúil na scoile.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Comhchaidreamh, eagraíocht idirollscoile, a shíolraigh an iris Comhar.
  2. 2.0 2.1 "MAC GÓRÁIN, Riobard (1928–2007)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-03.
  3. "Sráid Westmoreland/Westmoreland Street" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-03.
  4. 4.0 4.1 Mairéad Ní Chinnéide (2013). "Scéal Ghael-Linn". Cló Iar-Chonnacht, CIC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2022-05-03.
  5. "Seoltaí Séidte : Setting Sail" (en-US). ITMA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-15. Dáta rochtana: 2022-05-03.