Galar ionfhabhtaithe a tharlaíonn de bharr an bhaictéir Borrelia burgdorferi is ea Galar Lyme.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalar Lyme
cuir in eagar
Cineálprimary bacterial infectious disease (en) Aistrigh, borralóis agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha, deirmeolaíocht, néareolaíocht agus cairdeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíerythema chronicum migrans (en) Aistrigh, tuirse, tinneas cinn, artrailge, miailge, fasciculation (en) Aistrigh, pairéistéise, meadhrán, neamhrithimeacht, chronic neuropathic pain (en) Aistrigh, fiabhras, neuritis (en) Aistrigh, meiningíteas, meningoencephalitis (en) Aistrigh, myocarditis (en) Aistrigh, airtríteas, encephalomyelitis (en) Aistrigh agus hypertrophic cardiomyopathy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithewestern blot (en) Aistrigh, scrúdú fisiciúil, ELISA, polladh lumbach agus bithóipse Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
ceftriaxone (en) Aistrigh, cefuroxime (en) Aistrigh, amoxicillin (en) Aistrigh, doxycycline (en) Aistrigh agus azithromycin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Tarchur pataigineachtick borne transmission (en) Aistrigh, Ixodes pacificus agus Ixodes scapularis Cuir in eagar ar Wikidata
CúisBorrelia burgdorferi Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A69.2 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9088.81 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB1531 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001319 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine330178, 965922 agus 786767 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKlyme-disease-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD008193 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet91546 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0024198, C0752235, C0752235 agus C0024198 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:11729 Cuir in eagar ar Wikidata

Na siomptóim cuir in eagar

 
Ixodes ricinus, sceartán a iompraíonn Galar Lyme san Eoraip

Iompraítear do dhaoine i ngreim na sceartán a inmhíolann fianna is ainmhithe fiáine de ghnáth. Tagann lot dearg craicinn ag ionad an ghreama, leathnaíonn amach thar chúpla lá, agus buaileann fiabhras an fulangaí, chomh maith le pianta matán, tinneas cinn, is athlasadh na n-alt.

 

Gríos nó bruth mar a bheadh Bullseye ar an gcraiceann an comhartha is coitianta go bhfuil galar Lyme ar dhuine agus ní minic a bhíonn sé tromchúiseach. Ach mura ndéantar cúram de, d’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh don chóras néarógach, an croí agus na hailt.

Réamhchúraim cuir in eagar

Tá sceartáin forleathan ar fud na hÉireann is cosúil, sa gcathair chomh maith le faoin tuath. Is ón earrach go dtí an fómhar is gnóthaí iad.

 

Aon duine a bhíonn taobh amuigh, bíodh siad ag obair nó ag déanamh caitheamh aimsire, ba chóir dóibh iad féin agus a bpáistí a chosaint ar sceartáin.[1] Iarrtar ar dhaoine priocadh na sceartán a sheachaint trí bhríste cosa fada a chaitheamh, hata a chaitheamh agus an ghruaig a chrapadh isteach faoi, sprae éarthach d’fheithidí a chur orthu (sprae a bhfuil DEET ann is fearr), craiceann, gruaig agus aon fhilleadh teolaí sa gcraiceann a sheiceáil gach tráthnóna má bhíonn duine taobh amuigh i rith an lae, aon sceartán a bhíonn le feiceáil ar an gcraiceann. Priocfaidh sceartán aon chuid den cholainn ach is fearr leis na cosa agus na lámha. Cloigeann agus muineál páistí is minice a ionsaíonn an sceartán agus ba chóir iad a chosaint agus a chlúdach.[2]

 

Leigheas cuir in eagar

Níl gach sceartán aicídeach agus má bhaintear amach an sceartán laistigh de chúpla uair an chloig, is beag seans go bhfaighfear an galar Lyme. Tarraing amach an sceartán ar fad, go háirithe a bhéal, le pionsúirín agus nigh an craiceann le huisce agus gallúnach. Coinnigh súil ar an spota ansin ar feadh cúpla seachtain ar fhaitíos go dtiocfadh gríos. Is féidir an galar a leigheas le frithbheathaigh. Ach muna ndéantar cóireáil air go luath, is féidir go dtarlóidh aimhréidh throm dá bharr, athlasadh an chroí is an néarchórais.

Stair agus conspóidí cuir in eagar

Braitheadh GalarLyme den chéad uair in Old Lyme, Connecticut sa bhliain 1975. Fógraíodh trasna na Stát Aontaithe ó shin é. Tá conspóid ann maidir le Galar Lyme ainsealach agus ní mholtar cóireáil antaibheathach a thabhairt dó.

Reáchtáiltear Lá Feasachta Ghalar Lyme ag Lárionad Faire um Chosaint Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an 29 Aibreán gach bliain.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  2. "Comhairle eisithe faoi sceartáin lá feasachta Ghalar Lyme" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  3. Hussey, Matt (2011). "Galar Lyme". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 426.