Bhí Galen as Péargamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPéargamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach.

Infotaula de personaGalen

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Claudius Galenus
Beathaisnéis
Breith129 ↔ 131
Péargamon (An tSean-Róimh)
Bás201 ↔ 216

An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePéargamon
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine, anatamaíocht, fealsúnacht agus loighic
Gairmscríbhneoir leighis, eolaí néarchórais, dochtúir leighis, bitheolaí, máinlia, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
Mac/iníon léinn de chuidAlbinus, Satyros agus Aelianus Meccius
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Teaghlach
AthairAelius Nicon

Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe.

Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628, nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal.[1]

Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Chathair Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad.

Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Furley, D, and J. Wilkie, 1984, Galen On Respiration and the Arteries, Princeton University Press, and Bylebyl, J (ed), 1979, William Harvey and His Age, Baltimore: Johns Hopkins University Press