Cúige d'Impireacht na Róimhe ab ea Gallia Aquitania, [1] ar a dtugtar Aquitainean AcatáinAcatáin na Gaille freisin. Bhí sé suite in iardheisceart na Fraince, áit as a dtagann ainm an réigiún nua-aimseartha an Acatáin. Bhí na cúigí Gallia Lugdunensis, Gallia Narbonensis, agus Hispania Tarraconensis ina teorainn aige.[2]

Impireacht na Róimhe - Aquitania (125 AD)

Treibheanna na hAcatáine cuir in eagar

Bhí ceithre cinn déag de threibheanna Ceilteacha agus fiche treibhe Acatánacha ag cur fúthu sna codanna thuaidh de na Piréiní agus, ó chríoch 'Cemmenus' go dtí an fharraige, timpeallaithe ag dhá abhainn: an Garumna (Fraincis: La Garonne) agus an Liger (Fraincis:La Loire). Tá na treibheanna móra liostaithe ag deireadh an ailt seo.[3][4] Bhí níos mó ná fiche treibhe de chuid na nAquitani, ach bhí siad beag agus gan mórán iomrá orthu; bhí an chuid is mó de na treibheanna ina gcónaí feadh na farraige, agus lonnaifh na cinn eile i lár na tíre agus chuig mullaigh Sléibhte Cemmenus, chomh fada leis na Tectosages.

Is minic a úsáideadh an t-ainm Gallia Comata chun na trí chúige Gallia Lugdunensis, Gallia Belgica, agus Aquitania, a chiallaíonn b'fhéidir go hiondúil "Gallach fadfhionnaidh", seachas Gallia Bracata "Gallach i mbriste", téarma a dhíorthaítear ó bracae ("briste", éadaí dúchais na mbarbarach ó thuaidh) Gallia Narbonensis.

Bhí an chuid is mó de chósta Atlantach na nAquitani gaineamhach agus créscáinte; a d'fhás muiléad, ach ní raibh an ithir táirgiúil maidir le táirgí eile. Ar an gcósta seo freisin bhí an mhurascaill a bhí ag na Tarbelli; ina gcuid talún, bhí mianaigh óir go flúirseach ann. D'fhéadfaí cainníochtaí móra óir a bhaint le beagán scagtha. Bhí ithir níos fearr ag an tír istigh agus ag an tír sléibhtiúil sa réigiún seo. Bhí oibreacha iarainn maithe ag na Phetrocorii agus ag na Bhituriges Cubi; bhí monarchana línéadaigh ag na Chadurci; bhí mianaigh airgid ag an Ruteni agus ag na Ghabales.   [ <span title="This claim needs references to reliable sources. (July 2007)">luaitear gá</span> ] Dar le Strabo, ba dhaoine saibhre iad an hAquitani. Deirtear go raibh Luerius, Rí na nArverni agus athair Bhituitus a throid i gcoinne Maximus Aemilianus agus Dometius, an-saibhir agus le stíl mhaireachtála shómasach aige agus go raibh sé uair amháin ag taisteal ar charr trí mhachaire, ag scaipeadh boinn óir agus airgid anseo agus ansiúd.[3]

Ghlaoigh na Rómhánaigh pagi ar na treibheanna go léir. Eagraíodh iad seo i ngrúpaí níos mó ar a thug na Rómhánaigh civitates orthu. Ghlac na Rómhánaigh leis na ngrúpaí riaracháin seo ina gcóras rialaithe áitiúil ina dhiaidh sin.

San Acatáin, bhí na treibheanna seo a leanas ina gcónaí: Agesinales, Ambilatri, Anagnutes, Arverni, Ausci, Autobroges, Basabocates, Belendi, Bercorates, Bergerri, Bipedimui, Cadurci, Cambolectri, Camponi, Cocossati, Consoranni, Cubi, Elui, Elusates, Gabales, Lemovices, Mandubii, Monesi, Nitiobriges, Onobrisates, Osquidates, Osquidiales, Petrocorii, Petrogoti, Pictóin, Ruteni, Ruthenes, Santoni, Sassumini, Sediboniates, Sennates, Sibyllates, Sottiates, Succasses, Tarbelli, Tolosanes, Uliarus, Vassei, Vellates, Vellavii, Venami, Veneti (Veneticæ), Vibisci, Vornates.

Gallia Aquitania agus an Róimh cuir in eagar

Ní aonad nádúrtha é an Ghaill mar náisiún (rinne Caesar idirdhealú idir Gailligh chuí (Celtae), Belgae agus Aquitani).[5] D'fhonn an bealach go dtí an Spáinn a chosaint, chuidigh an Róimh le Massalia (Marseille) i gcoinne treibheanna imeallacha. Tar éis na hidirghabhála seo, chloígh na Rómhánaigh an áit a thug siad Provincia, nó an "Cúige" air sa bhliain 121 R.Ch. Leathnaigh Provincia ón Mheánmhuir go Lacus Lemannus (Gaeilge: Loch na Ginéive), agus tugadh Narbonensis air ina dhiaidh sin lena príomhchathair ag Narbo.[2] Tagann cuid den réigiún isteach i Provence nua-aimseartha, agus é ag cuimhneamh fós an t-ainm Rómhánach.

Bhí an príomhstreachailt (58-50 RCh) i gcoinne na Rómhánach in éadan Iúil Caesar agus bhí Vercingetorix ar thosach an tslua san éirí amach ag Cath Gergovia (cathair de chuid na hArverni) agus ag Cath Alesia (cathair de chuid na Mandubii). Gabhadh ceannasaí na nGallach ag deireadh an léigir agus tháinig deireadh leis an choimhlint D'urghabh Caesar an chuid eile den Ghaill, agus a chuid gníomhartha a chosaint trí bhuntaise a bhaint as na cuimhní a bhí ag na Rómhánach ar na hionsaithe, roimhe seo thar na hAlpa, a rinne na Ceiltigh agus na Gearmánaigh ar a dtír dhúchais féin. Beidh an Iodáil faoi chosaint feasta ón Réine.[3]

Thíolaic Caesar Aquitania ar an chríoch triantán-chruthach idir an Atlantach, na Piréiní agus an Garumna. Throid sé agus chuir sé na hAcatáine faoi smacht beagnach go hiomlán sa bhliain 56 R.Ch. tar éis do comhghuaillithe na gCeilteach cúnamh a thabhairt d'éachtaí míleata Phublius Crassus . D'eascair easaontas nua ar aon nós suas go 28-27 R.Ch., agus fuair Agrappa bua mór ar na Ghallaigh as Aquitania sa bhliain 38 R.Ch. Ba é an réigiún is lú de na trí cinn thuasluaite é, go dtí gur chuir Augustus, síneadh, talamh a shín go dtí Abhainn an Loire le comhairle na n-uasaicmí na nGall. Tharla an t-atheagrú seo tar éis an daonáirimh a rinneadh in 27 RCh, bunaithe ar bhreathnóireacht Agrippa ar theanga, ar chine agus ar phobal de réir roinnt foinsí.[6] Ag an bpointe seo, chuimsigh Aquitania, chomh maith le Narbonensis, Lugdunensis agus Belgica Gallia [7] agus tháinig sé chun bheith ina chúige impiriúil. Bhí Aquitania faoi cheannas iar-Phraetor (Gaeilge:Cosantóir), agus ní raibh aon léigiún ar óstáil ann.[8]

Níos mó ná Caesar, áitíonn Strabó go bhfuil na hAquitani cianaosta difriúil ó na Gallaigh eile, ní hamháin i dteanga, in institiúidí agus i ndlíthe (lingua institutis legibusque discrepantes) ach i gcuma fhisiciúil freisin, ag tabhairt le fios go raibh siad níos gaire do na Hibērī (Gaeilge:Na hIbéaraigh).[9] D'fhan na teorainneacha riaracháin a bhunaigh Ágastas ina raibh treibheanna fíor-Cheilteacha agus Acatánacha araon gan athrú go dtí gur thug Diocletianus atheagrú riaracháin isteach (féach thíos). The Arverni often warred against the Romans with as many as two to four hundred thousand men. Two hundred thousand fought against Quintus Fabius Maximus Allobrogicus and against Gnaeus Domitius Ahenobarbus. The Arverni not only had extended their empire as far as Narbo and the boundaries of Massiliotis, but they were also masters of the tribes as far as the Pyrenees, and as far as the ocean and the Rhenus (Rhine).

Is minic a bhí an hArverni i mbun cogaidh i gcoinne na Rómhánach le oiread agus dhá nó ceithre chéad míle fear. Throid dhá chéad míle in aghaidh Quintus Fabius Maximus Allobrogicus agus i gcoinne Gnaeus Domitius Ahenobarbus. Ní hamháin gur shín na hArverni a n-impireacht chomh fada le Narbo agus teorainneacha Massiliotis, ach ba mháistrí iad freisin ar na treibheanna a fhad ar shiúl uathu le na Piréiní, agus chomh fada leis an aigéan agus an Réin (Laidin:Rhenus).

Impireacht Dhéanach na Róimhe agus na Viseagotaigh cuir in eagar

Tháinig deireadh leis an Ghaill-Rómhánach Luath go déanach sa 3ú haois. Mar thoradh ar bhrúnna seachtracha a chuir le laigí inmheánacha, agus teorainn na Réine a ligint i bhfaillí, thosaigh ionsaithe na mbarbarach agus cogadh cathartha. Ar feadh tamaill bhí an Ghaill, lena n-áirítear Hispania agus Britannia, a rialú ag líne impire ar leith (ag tosú le Postumus). Mar sin féin, ní raibh aon iarracht fós ann le neamhspleáchas a bhaint amach. In iarracht chun an Impireacht a shábháil, rinne Diocletianus atheagrú ar na cúigí sa bhliain 293 AD, le bunú an Diocesis Viennensis i ndeisceart na Gaille, a chuimsigh Gallia Aquitania agus and Gallia Narbonensis, a bhí ann roimhe sin. Ag an am céanna, roinneadh Aquitania ina Aquitania Prima, lena suí (príomhchathair) in Avaricum Biturigum (Bourges), Aquitania Secunda (féach - Burdigala; Bordeaux níos déanaí) agus Aquitania Tertia, ar a dtugtar Novempopulania ("talamh na naoi bpobal "), lena shuí i Elusa (Eauze). Tháinig Novempopulania ó theorainneacha a bhunaigh Caesar don bhun-Aquitania, a choinnigh cineál éigin féiniúlachta ar leith (misean Verus go dtí an Róimh dírithe ar chúige ar leith a éileamh). Tar éis an athstruchtúraithe seo, bhain cobhsaíocht agus gradam feabhsaithe leis an Ghaill. Arís, ó 395, ba chúis le deighilt teorann na himpireachta idir rialtóirí an oirthir agus an iarthair teorann na Réine a ligint i bhfaillí, a léiríodh in aistriú an mhaoir Ghallaigh go Arelate (Arles).


Go luath sa 5ú haois, d'ionraigh na Viseagotaigh Ghearmánacha Aquitania. Ghéill an tImpire Flavius ​​Honorius talamh in Aquitania leis na Viseagotaigh. De réir roinnt foinsí, ba fhoederati Rómhánacha iad na Viseagotaigh áirithe seo agus ghníomhaigh Flavius ​​chun luach saothair a thabhairt dóibh faoi phrionsabal na flaithiúlachta (hospitalitas) (ie an creat dlíthiúil Rómhánach faoina raibh ar shibhialtaigh áitreabh a sholáthar do shaighdiúirí). Mar sin féin, sa bhliain 418, bunaíodh Ríocht neamhspleách Viseagotach ó chodanna de Novempopulania agus Aquitania Secunda. Chruthaigh bás an ghinearáil Aëtius (454) agus éineart rialtais an iarthair a bhí ag dul in olcas folús cumhachta. I rith na 460í agus na 470í, chuaigh Viseagotaigh isteach ar chríoch na Róimhe ar an taobh thoir, agus i 476, cuireadh na sealúchais impiriúla dheireanacha i ndeisceart Aquitania ar aghaidh chuig na Viseagotaigh. Leathadh an Ríocht Visigothic ae fud na bPiréiní agus isteach i Leithinis na hIbéire.

Ó 602, cruthaíodh Dux Wasconiæ, diúcacht neamhspleách (nó Wasconia), faoi uasaicme Franc-Rómhánach, san iar-dhaingean Viseagotach in iardheisceart Aquitania (i. An réigiún ar a dtugtar Gascony níos déanaí air).

Gobharnóirí aitheanta Gallia Aquitania cuir in eagar


 
Sestertius de Hadrian a aimsíodh fáil sa Garumna in aice le Burdigala, ó longbhriseadh 155/56 AD

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charlton T. Lewis and Charles Short (1879). "Aquitania". A Latin Dictionary. Perseus Digital Library, Tufts University.
  2. 2.0 2.1 John Frederick Drinkwater (1998). "Gaul (Transalpine)". The Oxford Companion to Classical Civilization. Ed. Simon Hornblower and Antony Spawforth. Oxford University Press. Oxford Reference Online.
  3. 3.0 3.1 3.2 Strabo: The Geography, The Aquitani.
  4. Pliny the Elder, Natural History, Bk. 4.
  5. Caesar, Commentaria de bello gallico, I 1
  6. Matthew Bunson (1994). Encyclopedia of the Roman Empire. Facts on File, New York. p. 169.
  7. The Histories of Appian, The Civil Wars
  8. Livius.org, Provinces (Roman) Curtha i gcartlann 2006-06-16 ar an Wayback Machine.
  9. Caro Baroja, Julio (1985). "Los vascones y sus vecinos". San Sebastian: Editorial Txertoa. 
  10. Unless otherwise stated, the names of the governors from 69 to 138 are taken from Werner Eck, "Jahres- und Provinzialfasten der senatorischen Statthalter von 69/70 bis 138/139", Chiron, 12 (1982), pp. 281-362; 13 (1983), pp. 147-237
  11. 11.0 11.1 Ronald Syme, "A Lost Legate of Aquitania", Zeitschrift für Papyrologie und Epigraphik, 79 (1988), pp. 181-187
  12. Unless otherwise stated, the names of the proconsular governors from 141 to 177 are taken from Géza Alföldy, Konsulat und Senatorenstand unter der Antoninen (Bonn: Rudolf Habelt Verlag, 1977), pp. 252f
  13. Unless otherwise stated, the names of the proconsular governors from 184 to 235 are taken from Paul Leunissen, Konsuln und Konsulare in der Zeit von Commodus bis Severus Alexander (Amsterdam: J.C. Gieben, 1989), p. 283