Gealacha beaga nádúrtha a ndéanann is a gcoinníonn a réimsí imtharraingthe fáinní tanaí timpeall ar chuid de na pláinéid sheachtracha. D'fhionn Pioneer 11 fáinne F Satairn, ribín timpeall 100 km ar leithead. Rinne Voyager amach go raibh struchtúr an fháinne bréadaithe le dhá ghealach, Pandóra is Proiméitéas, gar d'imeall an fháinne. Fuarthas go bhfuil fáinne Eipsealón Úránais teorannaithe ag an dá ghealach Ophelia is Cordelia. Meastar gur gealacha beaga eile taobh istigh de na fáinní atá freagrach as na bearnaí sna fáinní is a struchtúr bréadaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gealacha aoire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 309.