Gearóid Ó Cuinneagáin

polaiteoir Éireannach

Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge a bhí i nGearóid Ó Cuinneagáin (2 Eanáir 191013 Meitheamh 1991).[1] Rugadh i mBéal Feirste é ar an 2 Eanáir 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir Séamus Ó Néill i scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Duibhise.

Infotaula de personaGearóid Ó Cuinneagáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) John Gerald Cunningham
2 Eanáir 1910
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meitheamh 1991
81 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i mBaile Átha Luain i 1927 mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i gCaisleán an Bharraigh agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana dó chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Chaith sé cúpla bliain i Rinn na Feirste i dTír Chonaill sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar An tÉireannach. D'oscail sé biúró sainchomhairle cánach, Ó Cuinneagáin agus Cooke, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1937.

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ó Cuinneagáin páirt tábhachtach i ngluaiseachtaí beaga éagsúla a bhí ag obair ar son na Fearsaide: Cumann Náisiúnta (nó 'Irish Friends of Germany'), Clann na Saoirse agus Aicéin (eagraíocht óige an pháirtí Córas na Poblachta). Is ar éigean a d'éalaigh sé tréimhse i gcampa géibhinn nuair a dhíscaoil an Rialtas Cumann Náisiúnta mar gluaiseacht fealltach i ndeireadh na Bealtaine 1940.

Faisisteachas cuir in eagar

Ar an 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé Craobh na hAiséirghe de Chonradh na Gaeilge, craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: Donncha Ó Súilleabháin, Pádraig Ó Drisceoil, Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim, Aogán Brioscú, Annraoi Ó Liatháin, Seán Ó hÉigeartaigh, Ciarán Ó Nualláin, Cathal Ó Sandair agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu.

Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mór-chruinniú na craoibhe sa bhliain 1941 agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon bheag dhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.

Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh Glúin na Buaidhe as an eagraíocht a d'eascair as Ailtirí na hAiséirghe, iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú sa bhliain 1942.

Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana 1943 agus 1944 ach níor éirigh le duine ar bith acu. D'éirigh leo naoi suíocháin a bhaint amach, áfach, ins na toghcháin áitiúla na bliana 1945.

Iriseoireacht cuir in eagar

Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don Fhaisisteachas do mhórchuid na nGael.

Ba i mBéarla a bhí formhór an ábhair in Aiséirí mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.

Bhí baint éigin ag an Cuinneagánach le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm Cló Grianréime. Ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.

Saol cuir in eagar

Phós an Cuinneagánach Síle Ní Chochláin i 1945 agus bhí seisear clainne orthu. Fuair sé bás ar an 13 Meitheamh 1991.

Leabhair cuir in eagar

  • R.M. Douglas, Architects of the Resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the Fascist 'New Order' in Ireland (Manchester University Press, 2007), ISBN 978-0-7190-7998-6.
  • P. Mac Aonghusa, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge, 1893-1993 (Conradh na Gaeilge, 1993).

Tagairtí cuir in eagar