Leabhar Gheineasas

an chéad leabhar den Bhíobla, comhdhéanta de 50 caibidil
(Athsheolta ó Geineasas)

Is é Geineasas (Gréigis: "teacht ann", "giniúint") an chéad leabhar sa Bhíobla agus sa Sean-Tiomna. Is é is príomhábhar dó ná cruthú an domhain agus an gheallúint a chuir tús le hIosrael mar phobal Dé. Is é an t-ainm Eabhraise atá ar Gheineasas ná Bereshit, nó "ar dtús": be-reshit bara elohim... ("Cruthughudh an domhúin uile a sé laithibh."). Is féidir dhá scéal difriúil a aithint i nGeineasas: i dtús báire, tugtar cur síos ar an dóigh ar chruthaigh Dia an domhan agus an duine, agus ina dhiaidh sin, cromann an téacs ar chúrsaí na bpatrarc a phlé, is é sin, Abrahám, Íosác, Iacób, Iósaef, agus Iúdá.

WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Gheineasas
(mul) Genesis
(hbo) בְּרֵאשִׁית
(sv) Första Moseboken Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus leabhar de chuid an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaEabhrais an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid50
Tréith
PríomhábharBunús na Cruinne agus stair na nGiúdach Cuir in eagar ar Wikidata
Seánratéacs reiligiúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Taispeánann sé/síteaghlach, Cáin agus Áibil, Garden of Eden (en) Aistrigh agus creation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Cuid dean Torah, an Sean-Tiomna, An Sean-Tiomna Caitliceach, Heicsiteoch agus Peintiteoch Cuir in eagar ar Wikidata
an Torah agus Peintiteoch Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aicmiú Leabharlann ComhdhálaBS1231-BS1235.6 Cuir in eagar ar Wikidata
Leathanach ó Gheineasas Vín, seanlámhscríbhinn de chuid de Gheineasas as Gréigis atá á coinneáil i dtaisce i Vín

GEINEASAS 1. I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. 2. Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí. 3. Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann. 4. Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. 5. Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin. 6. Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n-uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.” 7. Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh. 8. Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin. 9. Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh. 10. Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin. 11. Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 12. Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin. 13. Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin. 14. Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta. 15. Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 16. Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna. 17. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh, 18. chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin. 19. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin. 20. Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.” 21. Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n-uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin. 22. Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.” 23. Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin. 24. Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh. 25. Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin. 26. Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.” 27. Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é..Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad. 28. Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” 29. Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh. 30. Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” Agus bhí sin amhlaidh. 31. Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin. [1]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • An Bíobla Naofa. Arna aistriú ón mbuntéacs faoi threoir ó Easpaig na hÉireann maille le Réamhrá agus Brollaigh. An Sagart, Maigh Nuad 1992.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

An Bíobla Naomhtha: https://ia801009.us.archive.org/5/items/bioblanaomhthaan00bede/bioblanaomhthaan00bede.pdf

  1. Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania; https://wol.jw.org/ga/wol/b/r204/lp-gc/sbi1/1/1#study=discover