Is í an gheografaíocht dhaonna an brainse de na heolaíochtaí sóisialta a dhéileálann le staidéar ar dhaoine agus ar a bpobal, ar chultúir, ar gheilleagair agus a n-idirghníomhú leis an timpeallacht, ag tabhairt faoi deara a gcuid ceangal leis agus ar fud an spáis agus na háite.[1] Mar disciplín intleachtúil, roinntear tíreolaíocht  go dtína fo-réimsí; tíreolaíocht fhisiceach agus tíreolaíocht dhaonna, an dara ceann ag díriú ar staidéar a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an duine, ag cur i bhfeidhm modhanna taighde cáilíochtúla agus cainníochtúla.

Dlús dhaonra an domhain

Stair cuir in eagar

Níor aithníodh an tíreolaíocht mar disciplín foirmiúil acadúil go dtí an 18ú haois, cé gur thug go leor scoláirí faoi scoláireacht gheografach i bhfad níos faide, go háirithe trí chartagrafaíocht.

Bunaíodh an Cumann Ríoga Geografacha (Béarla: Royal Geographical Society)  i Sasana sa bhliain 1830,[2] cé nach bhfuair an Ríocht Aontaithe a céad Chathaoir sa tíreolaíocht go dtí 1917. Ba é Halford John Mackinder an chéad fhíorgheografach intleachtúil a tháinig chun cinn sa Ríocht Aontaithe , ceapadh é ina léitheoir ag Ollscoil Oxford sa bhliain 1887.

Bunaíodh an National Geographic Society sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1888 agus thosaigh sé ag foilsiú an iris National Geographic a tharraing aird an phobail ghinearálta ar fhaisnéise gheografaí. Le fada an lá tugann an Cumann tacaíocht do  thaighde agus oideachais geografach .

Tagairtí cuir in eagar

  1. Johnston, Ron (2000). "Human Geography". In Johnston, Ron; Gregory, Derek; Pratt, Geraldine; et al. (eds.). The Dictionary of Human Geography. Oxford: Blackwell. pp. 353–60.
  2. "History".