Tá go leor eolais againn ar gheolaíocht Mharsa. Creidtear gur basalt atá sa chuid is mó de dhromchla Mharsa - is é sin, cloch bholcánach, nó laibhe a d'fhuaraigh síos na mílte de bhlianta ó sin. Tá an tuiscint sin bunaithe ar na dreigítí a tháinig ó Mhars go dtí an Domhan agus ar na breathnuithe a rinneadh ar an bpláinéad leis na spástaiscéalaithe. Is dócha go bhfuil níos mó silice sa bhasalt seo ná i mbasalt tipiciúil an Domhain. Mar sin, is féidir go bhfuil basalt Mharsa cosúil leis an aindéisít. Tá an chuid is mó den bhasalt seo clúdaithe, áfach, le dusta fíneáilte.

Na breathnuithe a rinne an spástaiscéalaí úd Mars Global Surveyor, tugann siad le fios go bhfuil baill áirithe de screamh an phláinéid maighnéadaithe, cosúil leis na stialltracha maighnéadaithe a fhaightear ar ghrinnill na n-aigéan ar an Domhan. Sa bhliain 1999, cuireadh an cheist an chéad uair, an teicteonaic phlátaí a d'fhág an maighnéadú seo ina diaidh - is é sin, an raibh screamh Mharsa comhdhéanta as plátaí ilchríochacha, tráth, agus iad ag gluaiseacht is ag imbhualadh faoina chéile, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain. Níltear cinnte faoi seo go fóill, áfach, go raibh gluaiseachtaí teicteonacha ar siúl riamh ar dhroim Mharsa - níl ann ach teoiric, agus í mar ábhar conspóide i gcónaí ag na saineolaithe.

An spástaiscéalaí gluaisteáin Opportunity atá ag taisteal droim an phláinéid, fuair sé amach go bhfuil liathróidíní beaga bídeacha haemaitíte ar fáil ar Meridiani Planum. Níl na liathróidíní seo ach cúpla milliméadar ar trastomhas, agus creidtear gur múnlaíodh mar shil-leaganacha carraige iad na billiúin iad ó sin, nuair a bhí an t-uisce ag sní ar dhroim an phláinéid. Fuarthas mianraí eile freisin a bhfuil sulfar, iarann nó bróimín iontu, cosúil leis an tsearóisít. Is é an tátal a bhain caoga saineolaí as an bhfianaise seo, agus iad ag scríobh ar an iris úd Science, ar an naoú lá de Mhí na Nollag, 2004, ná:

Tráth, bhí uisce leachtach ar fáil, go huaineach, ar dhroim Mharsa i dtimpeallacht Meridiani Planum, agus uaireanta, bhí sáithiú de tríd an bhfodhromchla. Ós rud é go bhfuil an bheatha ag brath ar an uisce leachtach, is féidir linn an tátal a bhaint as an scéal go raibh Meridiani ináitrithe, tráth éigin dá stair.

Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig saineolaithe eile ar an gconclúid go raibh an t-uisce ag Meridiani an-aigéadach, toisc an cineál mianraí a fuarthas sa timpeallacht. Ón taobh eile, tháinig an taiscéalaí Spirit ar ghóitít, mianra nach múnlaítear ach san áit a bhfuil uisce le fáil (rud nach dtiocfadh a rá faoin haemaitít), i gCnoic Columbia.

Sa bhliain 1996, tháinig saineolaithe ar mhionstruchtúir ar cheann de na dreigítí ar an Domhan a chreidtear a bheith tagtha ó Mhars - Dreigít ALH84001 - a raibh an chuma orthu, dar leo, gur rian i ndiaidh miocrorgánaigh a bhí ann. Ábhar eile conspóide atá ann i gcónaí.