Maraíodh 150 duine san eachtra inar eitil Andreas Lubitz eitleán Airbus A320 isteach sna hAlpa ar an 24 Márta 2015. Bhí Lubitz ina phiolóta tánaisteach ar eitilt Germanwings..

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGermanwings Eitilt 9525
Íomhá
Map
 44°16′48″N 6°26′20″E / 44.280083°N 6.43875°E / 44.280083; 6.43875
Cineáltimpiste aerárthach
dúnmharú líonmhar
suicide by pilot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Márta 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPrads-Haute-Bléone, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna150 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí0 Cuir in eagar ar Wikidata


D'fhág Germanwings Eitilt 9525 (4U9525/GWI18G) Bharcelona, ar a bhealach go Düsseldorf. Tharla an tuairt eitleáin.[1] in oirdheisceart na Fraince. Stiúraigh an comhphíolóta, Andreas Lubitz (a bhí 27 bliain d’aois) d'aon turas an t-eitleán i dtreo sléibhte na nAlp, ag marú gach duine a bhí ar bord.[2]

Andreas Lubitz cuir in eagar

Féinmharú a bhí i gceist. Ghlasáil Lubitz píolóta na heitilte amach as cró an phíolóta d'aon gnó (bhí sé sa leithreas).[3]

Sula bhfuair Andreas Lubitz a cheadúnas eitleoireachta, fuair an píolóta óg cóir leighis síciteiripe de bharr claonadh féinmharfach. Níor léirigh Lubitz aon rian d'iompar féinmharfach nó iompraíocht bhagarthach ó shin, a dúirt an t-ionchúiseamh.

Bhain an comhphíolóta Andreas Lubitz triail as eitleán a chur le fána ar eitilt eile as  Düsseldorf  go  Barcelona níos tuaisce.[4]

Airde

Bhí cónaí ar Lubitz sa chathair Dusseldorf.[5]

Cuimhneachán

Básanna cuir in eagar

Maraíodh 144 paisinéir agus seisear criú a bhí ar an eitleán Airbus A320. B'as an Ghearmáin agus an Spáinn formhór na ndaoine a maraíodh.Ní raibh tionóisc a thug bás daoine ag Lufthansa le fiche bliain; ní raibh a leithéid ag Germanwings riamh roimhe seo.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.bea.aero/en/enquetes/flight.gwi18g/flight.gwi18g.php Curtha i gcartlann 2015-03-25 ar an Wayback Machine Eolas, Bureau d'Enquêtes et d'Analyses pour la Sécurité de l'Aviation Civile|
  2. Nuacht RTÉ (2015-04-17). "Searmanas cuimhneacháin in omós mhairbh Germanwings" (as ga). 
  3. "Beirt i gcró an phíolóta - Dlí san Astráil" (as ga) (2015-03-30). 
  4. Nuacht RTÉ (2015-05-06). "Eolas nua faoi thubaiste na haerlíne Germanwings" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2015-03-30). "Fuair Lubitz cóir leighis - baol féinmharfach" (as ga). 
  6. "Is lú an priacal a bhaineann le heitilt ná tiomáint in ainneoin a mothaítear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-20.