Ball de ghné na gcónaiféar síorghlas, dúchasach don réigiún measartha sa leathsféar thuaidh, oirthear na hÁise go háiritheis ea an ghiúis[1] (Abies). Na géaga is na craobhóga i bhfáinní, le fáinne nua in aghaidh na bliana. Na duilleoga i 3 chineál: duilleoga an tsíolphlanda (caol fiaclach), duilleoga crotalacha aibí (ar phéacáin fhada, a chailltear go luath), agus duilleoga snáthaidchruthacha (i mbearta 2, 3 nó 5 cinn, ag brath ar an speiceas, iompartha ar phéacáin in ascaillí na nduilleog crotalach). Na buaircíní adhmadacha ar crochadh, dhá bhliain d'aois ar a laghad nuair a bhíonn siad aibí. Fástar go forleathan mar chrann foraoise í i gcomhair an adhmaid is an roisín a tháirgeann tuirpintín, tarra is pic, agus a thugann a boladh sainiúil di. An t-adhmad luachmhar mar go bhfuil sé frithsheasmhach i gcoinne meatha de bharr go bhfuil an oiread sin roisín ann.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGiúis
Abies Cuir in eagar ar Wikidata

Abies alba Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deadhmad giúise Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmePinopsida
OrdPinales
FinePinaceae
FofhineAbietoideae
GéineasAbies Cuir in eagar ar Wikidata
Mill., 1754
Cineál tacsanomaíochAbies alba Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Abies” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Giúis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 318.