Ginmhilleadh

foirceannadh toirchis

Is éard is ginmhilleadh ann ná deireadh a chur le toircheas trí suthféatas a bhaint nó a dhíbirt sula bhféadann sé maireachtáil taobh amuigh den útaras.

Tugtar breith anabaí nó ginmhilleadh spontáineach ar eachtraí a tharlaíonn gan idirghabháil. Nuair a ghlactar céimeanna d'aon ghnó chun deireadh a chur le toircheas, tugtar ginmhilleadh spreagtha air nó go hannamh ná sin "breith anabaí spreagtha".

De ghnáth tagraíonn an téarma neamhathraithe ginmhilleadh do ghinmhilleadh spreagtha.[1][2] Tugtar "foirceannadh déanach ar thoircheas" , ar ghnáthamh comhchosúil tar éis don fhéatas maireachtáil taobh amuigh den bhroinn.

Póstaer sa Rúis, 1925[3]

Gnéithe  leighis cuir in eagar

Is é atá i gceist leis an teicníc mháinliachta is coitianta ná an ceirbheacs a leathadh agus caidéal súite a úsáid.[4] Dealraíonn sé go bhfuil an druga mifipriostón i gcomhar le prostaglandin chomh sábháilte agus chomh héifeachtach le máinliacht le linn an chéad agus an dara ráithe toirchis.

Nuair a dhéantar é i gceart, tá ginmhilleadh ar cheann de na ghnáthamh is sábháilte sa leigheas, ach is é ginmhilleadh neamhshábháilte príomhchúis le mortlaíocht máithreacha, go háirithe sa domhan i mbéal forbartha.[5]

Stair cuir in eagar

Téann stair an ghinmhillte siar go dtí an ré ársa ach tá go leor conspóide ann faoi.

Gnéithe de dhlí cuir in eagar

Na dlíthe sa bhliain 2019

Tá an ginmhilleadh dlíthiúil in Éirinn, buíochas leis an mBille um an Séú Leasú is Triocha ar an mBunreacht. Vótáil 66.40% den phobal ar son an bille seo ar an 25 Bealtaine 2018. Roimhe seo, bhí an ginmhilleadh neamhdhlíthiúil in Éirinn. Tá an ginmhilleadh dlíthiúil freisin sa Bhreatain is cuid mhaith tíortha eile faoi chúinsí ar leith. Tá an ginmhilleadh conspóideach i gcuid mhaith tíortha.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Gaeilge cuir in eagar

Béarla cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Home : Oxford English Dictionary".
  2. "Abortion (noun)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2018. Dáta rochtana: 6 Eanáir 2020. “[mass noun] The deliberate termination of a human pregnancy, most often performed during the first 28 weeks of pregnancy”
  3. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  4. "Abortion - Women's Health Issues" (en-US). Merck Manuals Consumer Version. Dáta rochtana: 2022-06-24.
  5. "Abortion" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2022-06-24.