Giolla Chríost Ó Maoil Eoin

abb agus staraí

Staraí agus abb Chluain Mhic Nóis Giolla Chríost Ó Maoil Eoin (Gilla Críst Ua Máele Eóin).

Infotaula de personaGiolla Chríost Ó Maoil Eoin
Beathaisnéis
Bás1127
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, medieval historian (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Muintir cuir in eagar

Tugadh bréag-ghaol le clann Uí Bhriúin do mhuintir Uí Mhaoil Eoin, bunaithe ar:

Maoilaíosa [mac Toirdhealbhaigh Uí Chonchúir], easpag Ros Comáin, a raibh mac aige Maol Eoin ... a quo Uí Mhaoil Eoin.

Tá an chlann níos sine ná Toirdhealbhach, ámh, ach is sean-nós atá ann ar a laghad. Dar le Pádraig Malone, cuireann an t-ainm caidreamh nó comhaontas polaitiúil in úil ag am baiste.

Abb Giolla Críost cuir in eagar

Is é Giolla Chríost an duine is luaite sa chlann a bhfuil nasc aige le Cluain Mhic Nóis. B'fhéidir é gur bhfuil sé ina shinsear de gach Ó Maoil Eoin eile agus nasc acu ann.

Bhí nasc aige le Toirdhealbhach Ua Conchobhair, mar shampla sa bhliain 1124: [1]

An cloictech mór Cluana M Nois d'fhorbudh la Gilla Crist H. Maoileóin et la Toirdealbach h. Concupair.

Trí bliana i ndiaidh sin:[2]

Giolla Crist h. Maoileóin abb Cluana M Nois topar ecna & deirce, cenn soma & saidbriusa na hErenn, quieuit
Giolla Chríost Ó Maoil Eoin, abb Chluain Mhic Nóis, tobair eagna agus déirce, ceann somhaoine agus saibhris na hÉireann, quieuit (d'éag).

Chronicon Scotorum cuir in eagar

Críochnaíonn Chronicon Scotorum faoin mbliain 1150. Meastar gur thiomsaitheoir an tsaothair é Giolla Chríost,[3] ach más fíor, is léir gur cuireadh leis am éigin tar éis a bháis.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Chronicon Scotorum, CS 1124:
  2. CS 1127
  3. George Thomas Stokes, Ireland and the Anglo-Norman Church. (1889), lch. 360