Is saghas uirlis cheoil é an giotár. Is téaduirlis í, agus bíonn idir cheithre agus dhá théad dhéag air, de ghnáth. Nuair a phioctar na téada (léis na méara nó le pleictream), tosaíonn siad ag tonnchrith agus fuaim uathu. Tá dhá shaghas giotár le fáil, go bunúsach - giotár leictreach agus giotár fuaimiúil. Chomh maith leis sin, tá dord nó dordghiotár ann freisin.

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilGiotár
Cineálplucked necked box lute (en) Aistrigh agus long, thin object (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs321.322-5-6
Raon seinm

Sampla fuaime

Gairm ealaíontagiotáraí
An giotár.

Is uirlis choitianta é an giotár sa rac-cheol, an giotár-leictreach go háirithe. Tugtar an t-ainm giotáraí ar dhuine a sheinneann an giotár. Nuair a bhuaileann tú ceann de na téada nó na sreanga ar an ngiotár baineann tú creathadh as agus téann an creathadh sin siar go dtí an poll fuaime nó i gcás an ghiotáir leictrigh go dtí na glacadóirí. Is í minicíocht an chreathaidh seo a dhéanann an nóta. Bíonn na téada saora ar ghnáthghiotár sé-théadach tiúnáilte mar seo: E B G D A E. Agus nuair a leagan tú méar ar na frets athraítear an mhinicíocht go crómatach de réir mar a théann tú suas an caol nó an muineál.

Tagairtí cuir in eagar