Ábhar a laghdaíonn teannas dromchla uisce agus a dhéanann é níos inmheasctha le holaí is saill. Sa chuid is mó de na glantaigh, bíonn móilíní nó iain le cuingreacha de chodanna polacha (uisce-aimsitheach) is neamhpholacha (ola-aimsitheach) a fheidhmíonn chun ola is uisce a nascadh le chéile. Is sampla iad gallúnacha de ghlantaigh ianacha le grúpa luchtaithe (uisce-aimsitheach) nasctha le grúpa ailcile (saillaimsitheach). Tugtar glantaigh ar phúdair thrádálacha níocháin, ach ní bhíonn ach méid beag glantaigh iontu: oibreáin bogtha uisce agus nascairí is mó a bhíonn iontu.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Glantach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 319.